Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 17:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus fúair ríġ na Hassíria droiċṁéin ann Hoseá: óir do ċuir sé teaċda go So ríġ na Hégipte, agus ní ṫug sé tioḋlacaḋ ar bíṫ go ríġ na Hassíria, mar do rinne sé ó ḃliaḋuin go bliaḋuin: ar a naḋḃarsin do ḋruid ríġ na Hassíria fa íaḋaḋ é, agus do ċeangail sé a bpríosún é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 17:4
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Ṫáinic Salmaneser ríġ na Hassíria suás na aġaiḋ; agus do uṁluiḋ Hoseá na ṡerḃíseaċ ḋó, agus ṫug tioḋlaice ḋó.


¶ Ann sin ṫáinic ríġ na Hassíria súas ar feaḋ na críċe uile, agus do ċúaiḋ súas go Samária, agus do ḃi re na haġaiḋ trí bliaḋna.


Féuċ anois, atá do ḋoíġ a maide don ġiolcuiġ ḃrúitesi, ion sa Négipt, noċ ma ṡeasann duine air, raċas iona laíṁ, agus ṫollfas í: marsin atá Ṗárao ríġ na hégipte ré gaċ áon dá gcuirionn a ḋóiġ ann.


Iona láeṫiḃsion ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babiloine súas, agus iar mbeiṫ do Iehoiacim na ṡearḃḟoġantuiġ ḋó ar feaḋ ṫrí mbliaḋan: annsin do iompóiġ sé agus do ċuáiḋ a ccogaḋ na aġaiḋ.


Oír is tré ḟeirg an TIĠEARNA ṫáinic sin a ccríċ air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur ṫeilg sé amaċ as a raḋarc íad, go ndeaċuiḋ Sedeciah a ccogaḋ a naġuiḋ ríġ na Babíloine.


Agus do ṁarḃadar mic Ṡedeciah as coinne a ṡúl, agus do ḃeanadar a ṡúile as Sedeciah, agus do ċeangladar é le boltaiġiḃ práis, agus rugadar leó don Ḃabilóin é.


Naċ ḃfuil Heseciah dá ċur dfíaċaiḃ oruiḃ siḃ féin do ṫaḃairt don ḃás lé gorta agus lé tart, ġa ráḋ, Sáorfuiḋ ar TTIĠEARNA Día sinn amaċ as lánnh ríġ na Hassíria?


Do laḃradar focuil, ag taḃairt a néiṫiġ a ndéanaḋ cunnarṫa: marso ḟásas breiṫeaṁnus súas aṁuil muinṁear a neitriġiḃ an mbaċaire.


Atá imreasan ag an TTIĠEARNA ré Iúdah, agus smaiċteoċa sé Iacob do réir a ṡliġṫeaċ; do reir a ġníoṁ do ḃéara sé luáiġeaċd dó.


Biáiḋ misi am ríġ agad: cáit a ḃfuil duine ar bioṫ oile ḟéadas do ṡáḃáil ann do ċaiṫreaċaiḃ uile? agus do ḃreiṫeaṁuin do ṫáoiḃ a ndúḃairt tu, Taḃair ḋaṁsa ríġ agus prionnsaḋa?


A seaḋ, bíoḋ gur ḟostadar a measc na ccineaḋaċ, a nois cruinneoċa misi íad, agus do ḋéanuid beagán doilġis ar son úaluiġ ríġ na bprionnsaḋ.


Béaruiḋ an TIĠEARNA ṫú féin, agus an ríġ ċuirfeas tú os do ċionn, go tír nár baiṫniḋ ḋuit féin nó dot aiṫriḃ; agus annsin do ḋeana tú serḃís do ḋéeiḃ oile, do ċrannuiḃ agus do ċloċuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ