1 Annsa dara blíaḋain déug do Ahas riġ Iúdah do ṫosuiġ Hoseá mac Elah a ríġe a Samária ós cionn Israel náoi mbliaḋna.
¶ Agus déiriġ Hosea mac Elah a naġaiḋ Ṗecah ṁic Remaliah, agus do ḃúail sé é, agus do ṁarḃ é, agus do ḃí féin na ríġ na aít, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋuin do Iótam mac Ussiah.
Annsa seaċdṁaḋ blíaḋuin déug do Ṗecah mac Remaliah do ṫosuiġ Ahas mac Iótam ríġ Iúdah a ríġe.
Agus do rinne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, aċt ní do nós na ríoġ ṫainic roiṁe ós cionn Israel.
Anois tárla annsa treas blíaḋain do Hoseá mac Elah ríġ Israel, gur ṫosuiġ Heseciah mac Ahas ríġ Iúdah a ríġe.