Oír do ḃuail Iosaċar mac Simeat, agus Iehosabad mac Sómer, a ṡerḃísiġ é, agus deúg sé; agus do aḋlaiceadar é a ḃfoċair a aiṫreaḋ a ccaṫruiḋ Ḋáiḃi: agus do ríoġuiḋ Amasiah a ṁac na áit.
Oir do ċúaiḋ Menahem mac Gádi súas ó Ṫirsah, agus ṫáinic go Samária, agus do ḃúail Sallum mac Iabes a Samária, agus do marḃ é, agus do ḃí na ríġ iona áit.
Aċt do rinne Pecah mac Remaliah, caiptín dá ṁuinntir feín, feall air, agus do ḃúail é a Samária, a bpálás ṫiġe an ríġ, maille re Hargob agus Arieh, agus maille re caogad fear do na Gileaditeaċaiḃ: agus do ṁarḃ sé é, agus do ríoġaiḋ iona ait.
¶ Agus déiriġ Hosea mac Elah a naġaiḋ Ṗecah ṁic Remaliah, agus do ḃúail sé é, agus do ṁarḃ é, agus do ḃí féin na ríġ na aít, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋuin do Iótam mac Ussiah.
Agus do ṫarruing Iehu boġa le na neart iomlán, agus do ḃúail sé Iehóram idir a riġiḃ, agus do ċuáiḋ án tsoiġead amaċ agá ċroiḋe, agus do ṫuit sé síos iona ċarbad.
Do ċuireadar ríġṫe súas, aċt ní maille ríomsa: do rinneadar prionnsaḋa, agus ní raiḃ a ḟios agamsa: do rinneadar ioḋal dóiḃ féin dá nairgiod agus dá nór, ċor go ngeárrfuiḋe amaċ íad.