Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 13:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus níor ḟág sé don ṗobal ag Iehoahas aċd cáogad marcaċ, agus deiċ ccarbuid, agus deiċ míle coisiġe; óir do ṁarḃ ríġ na Síria íad, agus do rinne íad aṁuil luaiṫreaḋ re búalaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 13:7
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do ḃúail misi íad mar lúaiṫreaḋ na talṁan, do ḃrúiġ mé íad mar laiṫiġ na sráide, agus do spreiḋ mé ó ċéile íad.


Ann sin do áiriṁ sé óga ṗrionnsaḋa na ccóigeaḋ, agus do ḃádar ḋá ċeúd agus tríoċad agus a dó: agus na ndíaiġsin do ċoṁáir sé an pobal uile, eaḋon clann Israel uile, noċ do ḃí na seaċd míle.


Agus do háirṁeaḋ clann Israel, agus do ḃádar uile a laṫair, agus do ṡuiġeadar clann Israel air a naġaiḋ aṁuil ḋá ṫréud ḃeaga ṁeannan; aċt do líonadar na Sírianuiġ an tír.


¶ Annsna láeṫiḃsin do ṫionnsguin an TIĠEARNA Israel do ġearruġaḋ: agus do ḃuáil Hasael íad ann gaċ uile ċósta Disrael;


¶ Anois an ċuid oile do ġnióṁuiḃ Iehoahas, agus a ndéarna sé uile, agus a neart, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel?


Agus a duḃairt Hasael, Cred fa nguilionn mo ṫiġearna? Agus do ḟreagair seision, Do ḃríġ go ḃfuil a ḟíos agum an tolc do ḋéanas tusa do ċloinn Israel: cuirfiḋ tú a ndaingneaċa láidre tre ṫeine, agus muirfiḋ tú a ndaoine óga leis an gcloiḋeaṁ, agus scriosfuiḋ tú a cclann, agus scoiltfiḋ tú a mná torrċa.


Agus brúiġfe mé íad aṁuil luáiṫreaḋ roiṁe an ngaóiṫ: aṁuil laṫaċ annsna sráidiḃ sailteoruiḋ mé orra.


A nois ar a nadḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair braiġde, dom ṁaiġstirse ríġ na Hassiria, agus do ḃéara misi ḋuitsi ḋá ṁíle eaċ, mas féidir leaċdsa marcṡlúaġ do ċur orra.


Cia ṫóg súas an fíréan ó noirṫear? do ġoir ċum a ċoise é, ṫug na cineaḋaċa dá laṫair, agus ṫug air ríaġlaḋ ós cionn ríġṫe? ṫug sé íad aṁuil luáiṫreaḋ ḋa ċloiḋeaṁ, agus mar ċonnlaċ teilgṫe, ḋa ḃoġa.


Slúaġ mór, slúaġ mór a ngleann na ceannairge: óir atá lá an TIĠEARNA a ccoṁḟogus a ngleann na ceannairge.


Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ḋamascus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad; do ḃríġ gur ḃuáileadar Gileád lé súistiġiḃ íaruinn:


Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.


Agus déiriġ Samuel, agus do ċuáiḋ súas ó Ġilgal go Gibeah Ḃeniamin. Agus do ċoṁáiriṁ Saul na daoine do ḃí a laṫair aige, timċioll sé ċéad fear.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ