Agus do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ, agus do ġoir aingeal Dé ar Hágar ó neaṁ, agus a duḃairt ría, Créd ġoilleas ort a Hágar? ná bíoḋ eagla ort; óir do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ mar a ḃfuil sé.
Muna ḃeiṫ Día máṫar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deiṁin do ċurfeá ar siuḃal a nois mé folaṁ: do ċonnairc Día mo leaṫtrom agus sáoṫar mo láṁ, agus tug aiṫfear ḋuitsi a réir.
Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós.
A ġuiḋe mar an ccéadna, agus mar do áontuiġ Día ḋó, agus a ṗeacáiḋ uile, agus a ċoir, agus na hionuid ar ċuir sé súas na háite arda, agus ar ċuir súas garráin agus íoṁáiġe greanta, suil do huṁluiġeaḋ é: féuċ, atáid scríoḃṫa a measg ráiteaḋ na ḃfaicsionaċ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.
Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.
Ag ráḋ ré smotán, Is tú maṫair; agus ré cloiċ, Is tú do ġein mé: óir diompoiġeadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naġaiḋ: aċd a nám a mbuáiḋearṫa déuruid, Eiriġ, tárṫuiġ sinn.
¶ Uimé sin tangadar an pobal ċum Maóise, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, óir do laḃramar a naġaiḋ an TIĠEARNA agus ad aġaiḋsi; guiḋ an TIĠEARNA, gó mbeireaḋ na naiṫreaċa niṁe uáinn. Agus do ġuiḋ Maóise ar son an ṗobail.
¶ Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamairne ad aġaiḋ, do ċionn gur ṫréigiomar aráon ar Ndía féin, agus gur aḋramar Báalim mar an gcéadna.