3 ¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṫoirḃir iad a láiṁ. Hasael ríġ na Síria, agus a láiṁ Ḃen hadad ṁic Hasael, ar feaḋ a láeṫeaḋ uile.
Agus do ċuir an TIĠEARNA síol Israel uile a ttarcuisne, agus do smaċduiġ íad, agus do ṫoirḃir íad a láiṁ ṁillteóireaḋ, nó gur ṫeilg sé as a raḋarc íad.
Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.
Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.
Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do ḃualaḋ a laṫair do náṁad: raċaiḋ tú amaċ a néintsliġe aṁáin na naġuiḋ, agus teiṫfe tú a seaċd sliġṫiḃ rompa: agus áṫroċṫar ṫú da gaċ éainrioġaċd ar an ndoṁan.
¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṡeaċaid sé íad a láṁuiḃ creaċadóireaḋ noċ do ċreaċ íad, agus do reac sé íad a láṁuiḃ a náṁad gaċa táoḃ ḋíoḃ, iondus nar ḟéidir leó seasaḋ ní buḋ faide a laṫair a náṁad.
¶ Uimesin do ḃí fearg an TIĠEARNA teasuiġe a naġaiḋ Israel, agus do reac sé íad a láiṁ Ċusan‐risataim ríġ na Mesopotámia: agus do rinneadar clann Israel serḃis do Ċusan‐risataim oċd mblíaḋna.