Agus do ṡiuḃail sé a sliġṫiḃ Asa a aṫar; níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ uaḋ, ag déanaṁ an neiṫe fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA: giḋeaḋ niór cuireaḋ na háite árda ar ccúl; óir do íoḋbraidís an pobal agus do loisgedís fós túis annsna háitiḃ árda.
Aċt ċeana níor haṫruiġeaḋ na háite árda: do nídís an pobal íoḋbuirt agus do loisgedís túis a ccoṁnuiġ annsna háitiḃ árda. Do ċuir sé súas an geata fa háirde do ṫiġ an TIĠEARNA.
¶ Do aṫarruiḋ sé na háite árda, agus do ḃris sé na híoṁáiġe, agus do ġearr sé sios na garraín, agus do ḃris na codċannaiḃ a naiṫir niṁe ṗráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ġoir sé Nehustan di.
Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a nuile ṡliġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ ar a láiṁ ḋeis nó ar a láiṁ ċlé.
Tuilleaṁ fós dfuagair sé don luċt do ċoṁnuiġ ann Ierusalem cuid na sagart agus na Leḃíteaċ do ṫaḃairt dóiḃ, go mbeidís meanmnaċ a ndliġeaḋ an TIĠEARNA.
Oír do ḃris mé do ċuing ón tsean aimsir, agus do ḋóiṫ mé do ċuiḃreaċ; agus a dúḃairt tú, Ní ṡáireoċa mé; an tionad ar ṡeaċráin tú ar a nuile ċnoc árd agus faói gaċ aonċrann glas ag déanaṁ meirdreaċuis.