Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 11:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 ¶ Agus do ċuir Iehoiada teaċda uáḋ an seaċdṁaḋ blíaḋuin agus ṫug leis na húaċdaráin ós cionn na ccéud, agus na caiptíniġ agus an gárda, agus ṫug ċuigesion íad go tiġ an TIĠEARNA, agus do rinne cunnraḋ ríu, agus do ḃean mionna ḋíoḃ a ttiġ an TIĠEARNA, agus do ṫaisbéin mac an ríġ ḋóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 11:4
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug Ióseṗ mionna ar ċloinn Israel, ag ráḋ, Féaċfuiḋ Día oriḃ go deiṁin, agus beurṫaói mo ċnáṁasa súas as so.


¶ Anois do ḃí Ióab ós cionn ṡlóiġ Israel uile, agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus ós cionn na Bpeletíteaċ:


Agus do ḃí Benaiah ṁac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus na Bpeletiteaċ; agus do ḃádar mic Ḋáiḃi na bpríoṁúaċdaránuiḃ.


Agus do rinne an ríġ Rehoboam scíaṫa práis na náit, agus do ċuir sé ar láiṁ ċaiptíne an ġárda íad, noċ do ċoiṁéud dorus ṫiġ an ríġ.


Mar ṁairios do ṪIĠEARNA Día, Ní ḃfuil críoċ nó rioġaċd, naċ ar ċuir mo ṫiġearna íarruiḋ ort ann: agus a nuáir a deirdís, Ní ḃfuil sé annsin; do ḃameaḋ sé mionna don ċríċ nó don rioġaċt, naċ ḃfúaradar ṫú.


¶ Agus do rinne Iehoiada cunnraḋ idir an TTIĠEARNA agus an ríġ agus an pobal, go mbéidís na bpobal ag an TTIĠEARNA; eidir an ríġ mar an gcéadna agus an pobal.


Agus rug sé leis uaċdaráin na ccéud, agus na caiptíniġ, agus an gárda, agus dáoine na tíre uile; agus ṫugadar a núas an ríġ ó ṫiġ an TIĠEARNA, agus ṫáinic sé a sliġe an ġeata an ġarda go tiġ an ríġ. Agus do ṡuiġ sé a ccaṫáoir an ríġ.


Agus do ḃí sé aice a ḃfolaċ a ttiġ an TIĠEARNA sé blíaḋna. Agus do ḃí Ataliah na Bainríoġain ós cionn na tíre.


Agus do rinneadar na caiptíniġ ós cionn na ccéud gaċ éinní dar aiṫin Iehoiada an sagart díoḃ: agus rug gaċ éanduine dá raiḃ ag dul a steaċ annsa ló ṡaóire, á ṁuinntir leis an droing dar ċóir dul amaċ annsa tsábbóid, agus ṫangadar go Iehoiada an sagart.


Ann sin do ġoir Iehoas air Iehoiada an sagart, agus na sagairt oile, agus a duḃairt riú, Cred fa naċ leasuiġṫiġ bristeaḋa an tiġe? anois ar a naḋḃarsin ná glacaiḋ nios mó dairgiod ó ḃur naiṫeantus, aċt tugaiḋ ar son ḃristeaḋa an tiġe é.


¶ Agus do ṡeas an ríġ ag piléur, agus do rinne sé cunnraḋ a laṫair an TIĠEARNA, do ṡiuḃail a ndiáiġ an TIĠEARNA, agus a aiṫeanta agus a ḟíaḋnuiseaḋa agus a reaċda do ċoiṁéud maille ré na nuile croiḋe agus re na nuile anum, ċum bríaṫra an ċunnarṫasa do ċoiṁlíonaḋ noċ do ḃí scríoḃṫa annsa leaḃarso. Agus do ṡeasadar an pobal uile air an ccunnraḋ.


Agus a ndearḃráiṫre, cinn ṫiġe a naiṫreaḋ, míle agus seaċd ccéad agus trí fiṫċid; daóine ro ullṁa ċum oibre ṡeirḃíse tiġe an TIĠEARNA.


Agus do rinneadar cunnraḋ an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ díarruiḋ le na nuile ċroiḋe agus le na nuile anam;


Anois atá am ċroiḋesi cunnraḋ do ḋéanaṁ ris an TTIĠEARNA Día Israel, le a niompoċaḋ a ḟearg ḟíoċṁar úainn.


Do ċeangladar ré na ndearḃráiṫriḃ, a ndaóme uáisle, agus do ċuadar fa ṁalluġaḋ, agus fa ṁionnuiḃ, siuḃal a ndliġéaḋ De, noċ ṫug Maóise searḃḟoġantuiġ De úaḋ, agus do ċoiṁéud agus do ḋéanaṁ a nuile aiṫeanta an TIĠEARNA ar Ttiġearna, agus a ḃreiṫeaṁnusa, agus a reaċta;


Ann sin duḃradarsan, Aiseogam, agus ní íarrfam éinní orra; mar a deir tusa is marsin do ḋéanam. Annsin do ġoir mé na sagairt, agus do ḃean mé mionna ḋíoḃsan, go ndéanaidis do réir na geallaṁnasa.


Agus da ḃríġ so uile do nímid cunnraḋ daingean, agus scríoḃṫam é; agus cuirfid ar bprionnsaḋa, ar Leḃítiġ, agus ar sagart séula air.


Agus ar gclós na mbríaṫarsa do nárdṡagart agus dúaċdarán an teampuill agus dúaċdaránaiḃ na sagart, do ḃí conntaḃairt aca na dtimpċeallsan créud do ṫiocfaḋ as so.


Ann sin ar nimṫeaċd don ċaiptín maille ris na máoruiḃ, tug sé leis íad gan ċoiṁéigneaḋ: oír do ḃí eagla an ṗobail orṫa, go ngéuḃaidís do ċloċaiḃ orrṫa.


Marsin do rinne Iosua cunnraḋ ris an bpobal an lásin, agus do ċuir síos statúid agus órduġaḋ ḋóiḃ a Seċem.


Ann sin do rinne Ionatan agus Dáiḃi cunnraḋ, do ċionn gur ḃionṁuín leis é mar a anum féin.


Agus do rinneadar aráon ceangal a láṫair an TIĠEARNA: agus dfan Dáiḃi san ċoill, agus dimṫiġ Ionatán dá ṫiġ féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ