Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 1:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aċd a duḃairt aingeal an TIĠEARNA re Helias an Tisbiteaċ. Eiriġ, imṫiġ súas do ṫeagṁail ré teaċdaiḃ ríġ Samária, agus abair ríu. An do ċionn naċ ḃfuil Dia ann Israel, atáṫaóise ag dul dfiafruiġ sgéul do Ḃaalsebub dia Ecron?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 1:3
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Agus a duḃairt Elias an Tisbiteaċ, noċ do ḃí dáitreaḃaiḋ Gílead, ré Hahab, Mar ṁairios an TIĠEARNA Día Israel, a laṫair a ṡeasuimse, ní ḃiáiḋ drúċd nó fearṫuinn annsna blíaḋnuiḃsi, aċd do reír mfocuilsi.


Agus tárla déis ṁóráin do láeṫiḃ, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Helias an treas blíaḋain, ġa ráḋ, Imṫiġ, taisbéin ṫu féin do Ahab; agus cuirfe misi fearṫuinn ar an ttaluṁ.


Agus tárla a nam ofrála ioḋbarṫa an tráṫnóna, go ttáinic Elias an faíḋ a ḃfogus, agus go nduḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, fionntar a niuġ gur tusa as Día a Nisrael, agus gur misi do ṡearḃḟóġantuiġ, agus go ndéarna mé na neiṫese uile ar do ráḋasa.


Agus mar do luiġ sé faói ċrann Iuniper agus do ċoduil, féuċ, do ċorruiġ aingiol é annsin, agus a duḃairt ris, Eiriġ agus íṫ.


Agus ṫáinic aingeal an TIĠEARNA a rís an dara huáir, agus do ċorruiġ é, agus a duḃairt, Eiriġ agus iṫ; do ḃríġ go ḃfuil an tsliġe ro ḟada agad.


¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Hélias an Tisbíteaċ, ġa ráḋ,


Agus do ṫuit Ahasiah sios tré laitís a ṡéomra úaċdaraċ do ḃí a Samária, agus do ḃí sé tinn: agus do ċuir teaċda úaḋ, agus a duḃairt ríu, Eirigiḋe, fiafruiġiḋ do Ḃaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so.


Agus a duḃradarsan ris, Ṫáinic duine súas ar ccoinne, agus a duḃairt sé rinn, Imṫiġiḋ, eirġiḋ a ris ċum an ríġ ó ttangaḃair, agus abruiḋ ris. Is marso a deir an TIĠEARNA, An do ċionn naċ ḃfuil Día ann Israel, ċuirios tú teaċda dfíafruiġ do Ḃaal‐sebub día Ecron? ar a naḋḃarsin ní ṫiucfa tú a núas as an leabuiḋsin ar a ndeaċaiḋ tú suas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin.


Agus do ḟreagradarsan é, Duine fionnaḋṁaċ, agus criosluiġ le crios leaṫair timċioll a ċaóil. Agus a duḃairt seision, Sé Elias an Tisbíteaċ é.


¶ Agus dfill sé ċum óglaiċ Dé, é féin agus a ċuideaċa uile, agus ṫáinic, agus do ṡeas sé dá laṫair: agus a duḃairt sé, Féuċ, anois aiṫniġim naċ ḃfuil Día air biṫ air an ttaluṁ uile, aċd a Nisrael: anois ar a naḋḃarsin, guiḋum ṫú, glac tioḋlacaḋ ód ṡearḃḟoġantuiġ.


¶ Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúaluiḋ Elísa óglaċ Dé gur ḃris ríġ Israel a éadaċ, do ċuir sé ċum an ríġ, ġa ráḋ, Cred fár ḃris tú héadaċ? tigeaḋ sé anois ċugamsa, agus biáiḋ a ḟios aige go ḃfuil fáiġ ann Israel.


Aiṫniġṫear Día ann Iúdah: is mór a ainm a Nísrael.


Agus a núair a déaruid síad riḃsi, Iarruiḋ ar an ṁuinntir agá mbíd spioruid ṁuinntearḋa, agus ar ḟáistineaċaiḃ ṗiobas, agus ċannranus: naċ ar ċóir do ḋaóiniḃ íarruiḋ ar a Ndía féin? na mairḃ ar son na mbéo?


An drong ċoiṁéadas díoṁaóinis ḃréagaċa, tréigid síad a ttrócaire féin.


Agus a duḃradar na sgríobuiḋe ṫáinic a núas ó Iérusaléim, Go raiḃ Beelsébub ann, agus gur ab tré ṗrionnsa na ndeaṁan do ċuireaḋ sé na deaṁain ámaċ.


Agus do laḃair aingeal an Tiġearna ré Ṗilib, ag ráḋ, Eírġe, agus imṫiġ don taoiḃ ó ḋeas, an tsliġe síos ó Ierusalém go Gása, noċ atá na ḟásaċ.


A muġ ḃéaras an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi; agus buáilfiḋ mé ṫú, agus beanfaiḋ mé do ċeann díot: agus do ḃéara me anúiġ conablaċa ṡluáiġ na Ḃṗilistineaċ déanlaiṫiḃ a naieir, agus do ḃeaṫaċaiḃ allta an ṁaċaire; ċor go mbía a ḟios ag an doṁan uile go ḃfuil Dia a Nisrael.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ