Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 1:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ṫuit Ahasiah sios tré laitís a ṡéomra úaċdaraċ do ḃí a Samária, agus do ḃí sé tinn: agus do ċuir teaċda úaḋ, agus a duḃairt ríu, Eirigiḋe, fiafruiġiḋ do Ḃaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 1:2
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Agus beir leaċd deiċ mbuilín, agus cácaḋa, agus crúiscín meala, agus imṫiġ ċuige: inneosuiḋ sé ḋuit cred imeoċus ar an leanaṁ.


¶ Agus do ṫarruing duine eígin boġa go teagṁuiseaċ, agus do ḃuáil sé ríġ Israel eidir altuiḃ an scabail: uimesin a duḃairt sé ré na ċóisteóir, Iompóiġ do láṁ, agus beir amaċ as a tslúaġ me; óir atáim loitiḋ.


Mar sin do ċoduil Ahab a ḃfoċair a aiṫreaḋ; agus do ríoġaḋ Ahasiah a ṁac na aít.


Agus a duḃairt sé ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ḃríġ gur ċuir tú teaċda dfíafruiġe sgéul do Ḃaalsebub día Ecron, an do ċionn naċ raiḃ Día an Israel a ḃfíafroċaḋ scéula dá ḃreiṫir? air a naḋḃarsin ni ṫiucfa tú a núas don leabuiḋsin air a ndeacuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deṁin.


Aċd a duḃairt aingeal an TIĠEARNA re Helias an Tisbiteaċ. Eiriġ, imṫiġ súas do ṫeagṁail ré teaċdaiḃ ríġ Samária, agus abair ríu. An do ċionn naċ ḃfuil Dia ann Israel, atáṫaóise ag dul dfiafruiġ sgéul do Ḃaalsebub dia Ecron?


Agus a duḃradarsan ris, Ṫáinic duine súas ar ccoinne, agus a duḃairt sé rinn, Imṫiġiḋ, eirġiḋ a ris ċum an ríġ ó ttangaḃair, agus abruiḋ ris. Is marso a deir an TIĠEARNA, An do ċionn naċ ḃfuil Día ann Israel, ċuirios tú teaċda dfíafruiġ do Ḃaal‐sebub día Ecron? ar a naḋḃarsin ní ṫiucfa tú a núas as an leabuiḋsin ar a ndeaċaiḋ tú suas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin.


Agus do ḟágḃadar uile aiṫeanta a TTIĠEARNA Día, agus do rinneadar ḋóiḃ féin ioṁáiġeaḋ leaġṫa, ḋá láoġ, agus do rinnedar garrán, agus do aḋradar slóġ neiṁe uile, agus do aḋradar Baal.


Naċ ḃfuil scrios a ndán don droċḋuine? agus pionús iongantaċ do luċt oibriġṫe a néigceirt?


Is cosṁuil mo ġraḋ ré poc, no re cáirrḟiaḋ óg: féuċ, seasuiġ sé táoḃ ṡiar dar mballaine, féuċuiḋ sé amaċ air ḟuinneóig, ḋá ṫáisbeanaḋ féin ṫrid an laitis.


Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.


¶ Uimesin do ṫréig tú do ṗobal, tiġ Iácob, do ċionn go ḃfuihd síad líonta do ḃéusuiḃ a noirṫir, agus na luċd fáistine cosṁuil ris na Ṗilistineaċaiḃ, agus go líonuid do ċloinn na ccoiṁṫiġeaċ.


Nar ṡáoradar dée na ccineaḋaċ an ṁéid do scriosadar maiṫrese, Gósan, agus Háran, agus Reseṗ, agus clann Eden noċ do ḃí a Dtelassar?


Agus do ṫeilgeadar a ndée annsa teine: óir níor ḋée íad, aċt obair láṁ daóine, crann agus cloċ: uimesin do sgriosadar íad.


As lór don deisgiobal ḃeiṫ mar a ṁaiġisdír, agus don tṡearḃḟoġantuiḋe ḃeiṫ mar ṫiġearna. Má ġoireadar Beelsébub dḟior an tiġe, a né naċ mó ná sin ġoirfid é dá ṁuinntir?


Agus a duḃradar na sgríobuiḋe ṫáinic a núas ó Iérusaléim, Go raiḃ Beelsébub ann, agus gur ab tré ṗrionnsa na ndeaṁan do ċuireaḋ sé na deaṁain ámaċ.


Agus a duḃairt dream acasan, Is trí Ḃeelsébub prionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé amaċ na deaṁuin.


Agus do ṡuiḋ ogánaċ áiriġe dár ḃainm Eutiċus ar fuinneóig, air dtuitim na ċodlaḋ go trom: agus ar mbeiṫ do Ṗól a ḃfad ag déunaṁ seanmóra, air na ṡáruġaḋ tré ċodlaḋ, do ṫuit sé síos ón treas lota, agus do tógḃaḋ súas marḃ é.


Agus do ċuáiḋ an téora amaċ re táoḃ Ecron buḋ ṫuaiġ: agus do táirngeaḋ an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíaḃ Baalah, agus do ċúaiḋ amaċ go Iabneel; agus do ḃádar a dula amaċ na teorann ag an ḃfairge.


Naċ sealḃoċaiḋ tusa an ní noċ do ḃeir do ḋía Ċemos duit re ṡealḃuġaḋ? Mar sin giḋ bé a rbiṫ ċuirfeas ar TTIĠEARNA Día fein amaċ roṁuinne, sealḃoċuim íad.


Dféuċ maṫair Ṡisera amaċ ar ḟuinneóig, agus do eíġ ṫríd an laitís, Cred fá ḃfuil a ċarbad an fad so ag teaċd? Cred fa ḃfanuid riṫleain a ċarbad?


¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ