A measc na ccloċ mbláiṫ an tsroṫa atá do ċuid ronna; is íad, íad sin do ċuid ronna: eaḋon is dóiḃsin do ḋóirt tú ofráil diġe, do íoḋbair tú ofráil ḃíḋ. An ḃfuiġinnse sólás ar biṫ ionta so?
Gá fad ḃías an tír ag caói, agus luiḃ gaċ áonṁaġa ag críonaḋ, do ḃríġ uilc na druinge ċoṁnuiġeas ionnta? do caiṫeaḋ na beaṫuiġe, agus na héin; do ḃríġ go ndúḃradar, Ní ḟaicfiḋ sé ar ccríoċ ḋeiġionaċ.
Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge.