4 Tugaiḋse aire gaċ áon aguiḃ dá ċoṁarsoin, agus ná táoḃuiḋ re háoindearḃraiṫir ar biṫ: óir meallfuiḋ gaċ uile ḋearḃraṫair, agus siúḃoluiḋ gaċ áonċoṁarsa lé scannlaċaiḃ.
Agus do ḃéaruiḋ an dearḃraṫair a ḋearḃraṫair ċum báis, agus an taṫair an mac: agus éireoċuiḋ an ċlann a naġuiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus do ḃéuraiḋ fa deara a gcur ċum báis.
Oír do fríṫ do ḋearḃráiṫre féin, agus fós tiġ haṫar go meaḃlaċ ortsa; aseaḋ, do ġoiriodar iomad ad ḋiáiġ: ná creid íad, bíoḋ go laiḃeoraidís bríaṫra breáḋa riot.
Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.
Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi.
Agus braiṫfiḋṫear siḃ fós ó ḃar naiṫreaċaiḃ agus ó ḃar maiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ndearḃráiṫreaċaiḃ, agus ó ḃar ngáoltuiḃ, agus ó ḃar gcáirdiḃ; agus do ḃéaruid fá deara cuiḋ ḋiḃ do ċur ċum báis.
A sáruġaḋ agus a mbréagaiḃ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus a nimṫeaċd ar siuḃal ó ar Ndía, ag laḃairt leaṫtruim agus easuṁla, ag tionnscnaṁ agus ag laḃairt ó ċroiḋe bríaṫra bréagaċa.
Atá a tteanga aṁuil soiġead caite amaċ; a deir sí cluáin: laḃruiḋ duine go síoṫċánta ré na ċoṁarsoin lé na ḃéul, aċt iona ċroiḋe cuiriḋ sé luiḋeaċán air.
¶ Naċ áonaṫair atá aguinn uile? naċ aóin Día do ċruṫaiġ sinn? cred fa ndéanmaóid go fealltaċ gaċ nduine a naġaiḋ a ḋearḃraṫar, ag truáilleaḋ cunnarṫa ar naiṫreaḋ?