2 Oh naċ ḃfuil agum annsa ḃfásaċ ionad cóṁnuiḋe luċt turuis; ċor go ḃfúigfinn mo ḋaoine, agus go nimeoċuinn úaṫa! óir is aḋaltrannuiġ íad uile, agus oireaċdas daóine meaḃlaċ.
Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt?
Oír do fríṫ do ḋearḃráiṫre féin, agus fós tiġ haṫar go meaḃlaċ ortsa; aseaḋ, do ġoiriodar iomad ad ḋiáiġ: ná creid íad, bíoḋ go laiḃeoraidís bríaṫra breáḋa riot.
Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.
Oír atáid mo ḋaóine leaṁ, níor aiṫniġeadar mé; is clann ḃrúideaṁuil fad, agus ní ḃfuil tuicsi ar biṫ aca: atáid glic ċum uilc do ḋéanaṁ, aċt do ḋéanaṁ maiṫeasa ní ḃfuil tuicsi ar bíṫ aca.
Rioṫuiḋsi síos agus súas ar feaḋ ṡráideaḋ Ierusalem, agus féuċuiḋ anois, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, agus íarruiḋ iona háitiḃ fairsionga, an ḃfuiġṫí duine, an ḃfuil neaċ do ní breiṫeaṁnus, íarrus a nfírinne; agus do ḃéara misi maiṫeaṁnus ann.
Do rinne Iúdah go fealltaċ, agus do rinneaḋ gráineaṁlaċt ann Israel agus ann Ierusalem; óir do ḋíoṁaóiniġ Iúdah náoṁṫaċt an TIĠEARNA noċ do ġráḋuiġ sé, agus do ṗós sé inġean dé ċoiṁṫiġiḋ.
Ṫairis sin a dearṫaói, Cred uime? Do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA dfiaḋnuisi eadrad agus bean hoíge, a naġaiḋ a ndéarna tusa go míoċoinġiollaċ: giḋeaḋ is isi do ċompánaċ, agus bean do ċunnarṫa.
A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.
¶ Agus do ḃádar mar an gcéadna an geinealaċsin uile ar na gcruinniuġaḋ ċum a naiṫreaċ: agus déiriġ slioċd eile na ndíaiġsin, ag naċ raiḃ fios an TIĠEARNA, ná fós na ngníoṁarṫaḋ do rinne sé ar son Israel.