Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 8:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Atá náire air na daoíniḃ críonna, atáid ar líoṫaḋ agus ar na ngaḃáil: féuċ, do ḋíultadar bríaṫra an TIĠEARNA; agus cred an gliocas atá ionnta?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 8:9
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫarcuisniġeadar a reaċda, agus a ċunnraḋ do rinne sé re na naiṫriḃ, agus a ḟiaḋnuiseaḋ noċ do ḟíaḋnuiġ sé na naġaiḋ; agus do leanadar díoṁaóineas, agus ṫangadar ċum ḃeiṫ díoṁaóin, agus do leanadar na geintiġ noċ do ḃi ar gaċ táoḃ ḋíoḃ, a ttaoḃ ar ḟúagair an TIĠEARNA ḋíoḃ, naċ déanaidís ní cosṁuil riú.


Toirmiosguiḋ sé tionnscanta na meaḃlaċ, iondus naċ ḃféuduid a láṁa a ttíonscanta do ċoiṁlíonaḋ.


Gaḃuiḋ sé na heagnuiḋe iona ngliocasuiḃ féin: agus beirṫior combairle an deiṫneasuiḋ ré fánuiḋ.


Atá dliġeaḋ an TIĠEARNA iomlán, ag iompóġ a nanma: is fírinneaċ fiaġnuise an TIĠEARNA, ag déanaṁ an tsimpliġ críonna.


¶ Gó deiṁin is amadáin prionnsaḋa Sóan, is brúideaṁuil coṁairle ċoṁairleaċ nglic Ṗárao: cionnus a dearṫaóisi re Ṗárao, Is misi mac na neagnuiġe, mac ríoġ ḃfoirfe?


Uimesin, féuċ, raċuiḋ mé ar maġaiḋ do ḋéanaṁ oibre iongantuiġ a measg an ṗobailsi, eaḋon obair iongantaċ agus iongnaḋ: óir imeoċuiḋ eagna na ndaoine ccríonna seaċad, agus ceilfiġṫear tuigse na neagnuiḋe.


Do ṗeacaiḋ do ċéad aṫair, agus do ċiontuiġeadar do luċd múinte am aġaiḋsi.


Ċum an dliġe agus ċum na fiaḋnuise: muna laḃruid síad do réir a nfocailsi, iseaḋ do ċionn naċ ḃfuil solus air biṫ ionta.


Do ṫréig tú misi, a deir an TIĠEARNA, do ċuáiḋ tú ar ccúl: uimesin sínfiodsa mo láṁ amaċ ad aġaiḋ, agus scríosfa mé ṫú; atáim coirṫe daiṫreaċus.


Agus do ḋéana mé coṁairle Iúdah agus Ierusalem díoṁaóin annsa náitsi; agus do ḃéara mé orra tuitim leis an ccloiḋeaṁ roiṁe a náṁuid, agus lé láiṁ na druinge iarrus a mbás: agus do ḃéara mé a ccuirp dá mbeiṫ na mbíaḋ ag éunuiḃ a naiéir, agus ag beáṫuiġiḃ na talṁan.


Ní duḃradar na sagairt, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA? agus an drong láṁuiġeas an dliġeaḋ nior aiṫniġeadar mé: do ċionntuiġeadar fós na háoḋaireaḋa am aġaiḋ, agus do ṫairġiriodar na fáiġe tré Ḃáal, agus do leanadar neiṫe naċ ttarḃuiġionn.


¶ A ttáoḃ Edom, is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; An ḃfuil, críonnaċt ó so amaċ ann Teman? nar imṫiġ coṁairle seaċad ón ġlic? a ndeaċuiḋ a neagna ar neiṁní?


An raiḃ náire orra a nuáir do rinneadar gráineaṁlaċd? ní heaḋ, ní raḃadar náireaċ ar áonċor, ní mó dféadadar lasaḋ: uimesin tuitfid síad idir an droing ṫuitfios: a nuáir ṫiucfas misi ar cuáirt ċuca teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.


Eíst, a ṫaluiṁ: féuċ, do ḃéara mé olc ar an muinntirsi, eaḋon toraḋ a smúaintiġe, do ḃríġ nár éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, nó rem ḋliġeaḋ, aċt a tarcuisniuġaḋ.


Tiucfuiḋ urċóid ar urċóid, agus biáiḋ iomráḋ air iomráḋ; annsin iarrfuid síad fios air an ḃfáiġ; aċt muġoċuiḋ an dliġeaḋ on tsagart, agus coṁairle ó na sinnsiorruiḃ.


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Iúdah, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur ḋísbeagadar dliġeaḋ an TIĠEARNA, agus nár ċoiṁéadadar a aiṫeanta, agus ṫug a mbréuga orra seaċrán do ḋéanaṁ, a ndiaiġ ar ṡiuḃluiġeadar a naiṫre:


Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa lósin, go mbiáiḋ náire air na faiġiḃ gaċ uile ḋuine aca tré na ḟis, an tan ṫairġirios sé; ní mó ċuirfid umpa culaḋa garḃa do ḋéanaṁ mealltóireaċda:


Coiṁéuduiġ uime sin agus déanuiḋ íad; óir is í so ḃur críonnaċd agus ḃur ttuígsin a raḋarc na gcineaḋáċ, noċ ċluinfeas na statúidesi uile, agus a déara, Go deiṁin is dáoine críonna agus tuigseaċa an cineaḋ mórsa.


Agus ó ḃí tú ad leanaḃ go raiḃ eólas na sgrioptúr náoṁṫa agad, lér féidir do ḋéunaṁ éagnuiḋe ċum slánaiġṫe trés an gcreideaṁ noċ atá a Niósa Críosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ