Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 7:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Muna mbrúiġti an coiṁṫiġeaċ, an dilleaċta, agus an ḃaintreaḃaċ, agus gan fuil neiṁċiontaċ do ḋórtaḋ ann sa náitsi, agus gan siuḃal a ndiáiġ dée oile ċum ḃur ndoċair féin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 7:6
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫug ar a ṁac dul ṫríd an tteine, agus do aḋraḋ daimsearuiḃ, agus do níoḋ droiġeaċd, agus cumann ré leannánuiḃ síṫe agus re luċd fáistine: doibriġ sé mórán uilc a raḋarc an TIĠEARNA, ler ḃrostuiġ é ċum feirge.


Agus mar an gcéadna ar son na fola neiṁċiontuiġ noċ do ḋoirt sé: (óir do lión sé Ierusalem le fuil neiṁċiontuiġ); naċ maiṫfeaḋ an TIĠEARNA.


Agus do ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ, fuil a mac agus a ninġean, noċ do íoḋbradar do ḋíaḃluiḃ Ċánáan: agus do ḃí an talaṁ ar na ṫruailliuġaḋ le fuil.


Ná haṫruiġ an seintéora; agus ná heiriġ a steaċ ar ḟearann na ndílleaċt:


Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ.


Biáiḋ na droċḋaóinesi, noċ ḋíultas mo ḃríaṫra déisdeaċd, noċ imṫiġios do réir ṫoíle a ninntinne, agus ṡiuḃluiġios do réir ḋée oile, dá naḋraḋ, agus do ḋéanaṁ seirḃíse ḋóiḃ, do nós an ċreasa so, naċ maiṫ ċum aóinneiṫe.


Do ḃríġ gur ṫréigeadar misi, agus go ndeárnadar a náitse coiṁiġṫeaċ, agus gur loisgeadar túis innte do ḋéeiḃ oile, noċ nár ḃaiṫnid ḋóiḃ féin nó ḋá naiṫriḃ, nó do ríġṫiḃ Iúdah, agus gur líonadar a náitsi lé fuil neiṁċiontuiġ;


Is go díoṁaóin do ḃuáil me ḃur cclann; níor ġaḃadar smaċt ar biṫ: ḃur ccloiḋeaṁ féin do ṁarḃ ḃur ḃfáiġe, aṁuil leoṁan millteaċ.


Mar an ccéadna do fríṫ ann do sciortuiḃ fuil na nanmann mboċd neiṁċiontaċ: ní lé toċailt fúair mé é, aċt orra so uile.


Aċt bíoḋ a ḟios aguiḃ go dearḃṫa, má ċuirṫí misi ċum báis, go ttiuḃarṫaói go deiṁin fuil neiṁċiontaċ oruiḃ féin, agus air an ccaṫruiġsi, agus air a háitreaḃṫaċaiḃ: óir go fírinnioċ do ċuir an TIĠEARNA misi ċuguiḃ do laḃairt na mbríaṫarso uile ann ḃur cclúasaiḃ.


Agus ṫugadar Uriah amaċ as an Négipt, agus rugadar go Iehoiacim an ríġ é; noċ do ṁarḃ leis an ccloiḋeaṁ é, agus do ṫeilg a ċorp marḃ a nuáiġiḃ na ndaoine gcoitċionn.


Do ċuir mé fos ċugaiḃ múile ṡeirḃísiġ na faiḋe, ag éirġe go moċ agus dá ccur uáim, ġa ráḋ, Fillíḋ a nois gaċ aónduine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus leasuiġiḋ ḃur ngníoṁa, agus ná himṫíġiḋ a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann noċ ṫug misi ḋíḃ féin agus da ḃur naiṫriḃ: aċt níor ċláonaḃair ḃur cclúas, agus níor éisteaḃair riom.


Dfásadar méiṫ, agus déallruiġid: fós, sáruiġid síad gníoṁa na ndroċḋaoine: ní ḃreaṫnuiġid síad an ċúis, cúis an dílleaċda, giḋeaḋ tigid ar a naġaiḋ; agus ní ḃreaṫnuiġid cóir a neasḃuiḋiġ.


Oír má leasuiġṫí ḃur sliġṫe go hiomlán agus ḃur ngníoṁa; má ḃearṫaói breiṫeaṁnus go hiomlán idir duine agus a ċoṁarsa;


An ngadfuiḋe, an muirfiḋe, a ndéantaói aḋaltrannas, agus mionna bréige do ṫaḃairt, agus túis do losgaḋ do Ḃaal, agus imṫeaċt a ndiáiġ dée oile naċ feas díḃ;


Ar son ṗeacaḋ a fáġ, agus éigceart a sagart, noċ do ḋóirt fuil na ḃfíréun iona lár,


Agus naċ duáiġ sé ar na sléiḃtiḃ, naċ mó do ṫóg a ṡúile súas ċum ioḋal ṫiġe Israel, naċ mó do ṡaluiḋ bean a ċoṁarsan, naċ mó ṫáinic láiṁ ré mnaói ḟola míos,


Ionnadsa do ṫarcuisniġeadar aṫair agus maṫair: aun do lár do rinneadar go cealgaċ ris an ccoiṁṫiġeaċ: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleaċta agus air an mbaintreaḃuiġ.


¶ Agus má ċoṁnuiġeann duine éanuáire aguiḃ ansa dúṫaiḋ, ni ġoirteoċṫáoi é.


Ar a naḋḃarsin ní ċuirfíḋe a ċéile síos; aċd biáiḋ eagla do Ḋé ort: óír is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.


Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus ar ḃfreagra don ṗobal uile, a duḃradar, Bioḋ a ḟuil oruinne, agus air ar gcloinn.


Ag ráḋ, Do ṗeacaiġ mé ag braṫ na fola neiṁċiontaiġ. Aċd a duḃradarsan, Créd é sin dúinne? Féuċ féin dó sin.


Agus malluġaḋ, muna nuṁluiġṫí daiṫeantuiḃ an TIĠEARNA ḃur Ndía, aċd iómpoḋ a leaṫtáoiḃ as an tsliġe noċ aiṫniġimsi ḋáoiḃ a niuġ, do ḋul do leanṁuin deé oile, nar ḃaiṫniḋ dáoiḃ.


¶ Ní ċláonfa tú breiṫeaṁnus an ċoiṁiṫiġ, nó an dílleaċda; agus ní ġlacfa tú éadaċ baintreaḃuiġ a ngeall:


Go ma malluiġ an té ċlaonus breiṫeaṁnus an ċoiṁiḋṫiḋ, an dílleaċda, agus na baintreaḃuiġ. Agus déara an pobal uile, Amén.


Agus is aṁluiḋ ḃías, ma ḋearmadann tú ar éanċor an TIĠEARNA do Ḋía, agus go leanfa tú deé oile, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋóiḃ, agus a naḋraḋ, da nímsi fiaḋnuisi ḃur naġuiḋ aniuġ go reaċṫaoi seaċad go deiṁin.


Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ