Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 7:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, Leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus do ḃéara misi oruiḃ áitreaḃ annsa náitsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 7:3
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ fós do rinne an TIĠEARNA fíaḋnuise a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, tres na fáiġiḃ uile, agus treas an luċd faicsiona uile, ġa ráḋ, Filliḋsi ó ḃur ndroiċṡliġiḃ, agus coiṁéuduiġ maiṫeantasa agus mo reaċda, do réir a nuile ḋliġe dar áiṫin mé dá ḃur naiṫriḃ, agus noċ do ċuir mé ċugaiḃ lem ṡerḃísiġ na fáiḋe.


Anois ar a naḋḃarsin déanuiḋ faóisidin don TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, agus déanuiḋ a ṫoil: agus dealuiġiḋ siḃ féin ré muinntir na tíresi, agus ó na ṁnáiḃ coiṁiġṫeaċa.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


Tréigeaḋ an droċduine a ṡliġe, agus an duine neiṁḟíréanta a smuaintiġṫe: agus filleaḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus do ḋéana sé trócaire air; agus ċum ar Ndénne, óir maiṫfiḋ sé go líonṁar.


Annsin raċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ na caiṫreaċso riġṫe agus prionnsniḋe ag suiḋe ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ag marcuiġeaċd a ccarbadaiḃ agus ar eaċaiḃ, íad féin, agus a bprionnsaḋa, fir Iúdah, agus áitreaḃṫaċa Ierúsalem: agus fanfuiḋ an ċaṫairsi go bráṫ.


¶ Déana a nois ar a náḋḃarsin, láḃair ré fearuiḃ Iúdah, agus ré háitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is mar so a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ċum mé olc ann ḃur naġaiḋsi, agus do ṫionnscuin mé smuáintiġṫe ann ḃur naġaiḋ: filliḋ anois gaċ uile ḋuine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus déanuiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa maiṫ.


Má ḟilleann an cineaḋsin, a naġaiḋ ar ḟúagair mé, ó na nolc, biáiḋ aiṫreaċus orumsa ó nolc do ḃreaṫnuiġ mé do ḋéanaṁ na naġaiḋ.


Uimesin a nois leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus uṁlúiġiḋ do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía; agus biáiḋ aiṫreaċuis air an TTIĠEARNA ó nolc dfúagair sé ḃur naġaiḋ.


Do ċuir mé fos ċugaiḃ múile ṡeirḃísiġ na faiḋe, ag éirġe go moċ agus dá ccur uáim, ġa ráḋ, Fillíḋ a nois gaċ aónduine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus leasuiġiḋ ḃur ngníoṁa, agus ná himṫíġiḋ a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann noċ ṫug misi ḋíḃ féin agus da ḃur naiṫriḃ: aċt níor ċláonaḃair ḃur cclúas, agus níor éisteaḃair riom.


Do ḃríġ gur ċoiṁlíonadar mic Ionadab ṁic Reċab áiṫne a naṫar, noċ daiṫin sé ḋíoḃ; aċt níor éist an pobalsa riomsa:


Ma ḟilleann tú, a Israel, a deir an TIĠEARNA, fill ċugamsa: agus má ċuireann tú do ġráineaṁlaċd uait as mo raḋarcsa, annsin ní ċoirreoċa tú.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte.


Druidiġ ré Día, agus druidfé sé riḃ. Glanuiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa; agus glanuiġ ḃur gcroíḋṫe, a luċd na dá intinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ