2 Seas a ngeata ṫiġe an TIĠEARNA, agus fúagair an ráḋso annsin, agus abair, Eistiġsi bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile, ṫigios a steaċ annsna geataḋuiḃsi daḋraḋ an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt seision, Eistse ar a naḋḃarsin bríaṫar an TIĠEARNA: do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slóiġ ḟlaiṫeaṁnuis uile na seasaṁ na ḟoċair ar a laiṁ ḋeis agus air a láiṁ ċlé:
Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Fúagair na bríaṫraso uile a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Eistiġsi bríaṫra an ċunnarṫaso, agus déunuiḋ íad.
Annsin ṫáinic Ieremiah ó Ṫoṗet, mar ar ċuir an TIĠEARNA é dfaiġeadóireaċt; agus do ṡeas sé a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA; agus a dúḃairt sé ris an bpóbal uile,
Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.
Is marso a dear an TIĠEARNA, Seas a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA, agus laḃair ré huile ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, noċ ṫig go tiġ an TIĠEARNA daḋraḋ, na huile ḃríaṫra aiṫeonus misi ḋíot do laḃairt ríu; na laġduiġ áon ḟocal.
Annsin do léiġ Baruċ annsa leaḃar bríaṫra Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA, a seomra Ġemariah ṁíc Saṗan an scriḃneóir, annsa ċúirt dob áirde, ag dul a steaċ an ġeata nuáiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, a cclúasaiḃ an ṗobail uile.
Ar a naḋḃarsin imṫiġ ṫusa, agus léiġ annsa rola, noċ do scríoḃ tú om ḃéulsa, bríaṫra an TIĠEARNA a cclúasaiḃ an ṗobail a ttiġ an TIĠEARNA lá an troisgṫe: agus mar an ccéadna léiġfiḋ tú íad a cclúasaiḃ Iúdah uile noċ ṫig amaċ as a ccaiṫreaċaiḃ.
Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.
¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.
Agus a duḃairt misi, Eistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ċeanna Iácob, agus siḃsi a ṗrionnsaḋa ṫiġe Israel; Naċ cóir ḋaóiḃse fios breiṫeaṁnuis do ḃeiṫ aguiḃ?
Eistiġ so, íarruim daṫċuinge oruiḃ siḃsi cinn ṫiġe Iácob, agus prionnsaḋa ṫiġe Israel, ġráineas re breiṫeaṁnus, agus ċuirios a nuile ċeart bun ós cionn.
Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.