Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 52:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír tre ḟeirg an TIĠEARNA tárla ann Ierusalem agus ann Iúdah, gur ṫeilg sé amaċ íad as a ḟiaḋnuisi, agus go ndeaċaiḋ Sedeciah a neasuṁlaċt a naġaiḋ riġ na Babilóine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 52:3
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féuċ, do ḋíbir tú mé ó aġuiḋ na talṁan san ló a niuġ; agus foileoċar ód ġnúis mé, agus béad am ṫeiṫṁeaċ agus am ḋeóruiġe annsa talaṁ, agus tiucfa as sin, giḋ bé air biṫ ṫeigeoṁas riom, go muirfiḋ sé mé.


Agus do ċuáiḋ Cáin amaċ as fiaġnuisi an TIĠEARNA, agus do áitriḃ sé a ttír Nod, táoḃ ṡoir do Eden.


Agus a rís do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ċorruiḋ sé Dáiḃi na naġaiḋ, ḋa ráḋ, Imṫiġ, agus coṁáir Israel agus Iúdah.


Go maḋ beannuiġ do ṪIĠEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot ṡuiġiuġaḋ a ccaṫaóir ríoġa Israel: do ḃríġ gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA Israel go bráṫ, as uime sin do rinne sé ríġ ḋiotsa, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.


Uimesin do ḃí an TIĠEARNA ro ḟeargaċ re Hisrael, agus do aṫarruiġ sé as a raḋarc íad: níor fágḃaḋ éanduine aċd treaḃ Iúdah aṁáin.


Agus do ċuir an TIĠEARNA síol Israel uile a ttarcuisne, agus do smaċduiġ íad, agus do ṫoirḃir íad a láiṁ ṁillteóireaḋ, nó gur ṫeilg sé as a raḋarc íad.


No gur aṫarruiġ an TIĠEARNA Israel as a raḋarc, mar a duḃairt sé tre na ṡeirḃíseaċaiḃ uile na fáiġe. Mar sin rugaḋ Israel as a ndúiṫċe féin go Hassíria gus a niuġ.


Oír is tré ḟeirg an TIĠEARNA ṫáinic sin a ccríċ air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur ṫeilg sé amaċ as a raḋarc íad, go ndeaċuiḋ Sedeciah a ccogaḋ a naġuiḋ ríġ na Babíloine.


Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel.


Ionnus go ndéantaoi cúartuġaḋ a leaḃar cuiṁniġṫeaċ haiṫreaḋ: marsin do ġeaḃa tú a leaḃar na cuiṁne, agus aiṫeonus tú gur caṫair ceannairceaċ an ċaṫairsi, agus dioġḃalaċ do ríġṫiḃ agus do ṫíorṫuiḃ, agus gur ṫógḃadar ceannairc a stiġ innte san tseanaimsir: arson na cúise sin do scriosaḋ an ċaṫairsi.


Ar son sáruiġṫe dúiṫċe bíd mórán prionnsaḋ uirre: aċt aig duine tuicsionaċ éolaċ mairfiḋ an staid a ḃfad.


¶ A ṁairg ḋuit, a ṫír, a nuáir is leanaḃ do ríġ, agus iṫid do ṗrionnsuiḋe bíaḋ ar maidin!


Agus seaċóduiġ mé na Hégiptiġ a láiṁ tiġearna éattrócáiriġ; agus riaġloċuiḋ ríġ borb ós a ccionn, a deir an Tiġearna, TIĠEARNA na ṡlóġ.


Oir, féuċ, beiriḋ an Tiġearna, TIĠEARNA na slóġ, ó Ierusalem agus ó Iúdah, an fulang agus an bata, coṫuġaḋ iomlán a naráin, agus coṫuġaḋ iomlán a nuisge.


A déarad, aċd is bríaṫra dioṁaine íad, Atá coṁairle agus neart agumsa ċum cogaiḋ: a nois cía as a ḃfuil do ḋóṫċus, as a ḃfuil tú ag cogaḋ am aġuiḋsi?


Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.


Agus teilgfiḋ mé siḃ as mo raḋarc, mar do ṫeilg mé ḃur ndearḃráiṫre uile amaċ, eaḋon síol Eṗraim uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ