5 Iarrfuid síad an tsliġe go Sion maille re na naiġṫe don taoiḃ sin, ag ráḋ, Tigiḋ, agus ceanglam sinn féin don TIĠEARNA a cunnraḋ síoṫḃúan naċ dearmodṫar.
Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.
Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás.
Agus a duḃairt seision, Do ḃí mé ró éudṁar ar son an TIĠEARNA Día na slóġ: óir do ṫréigeadar clann Israel do ċunnraḋ, do ṫeilgeadar síos haltóra, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe leis an ccloiḋioṁ; agus misi, misi aṁáin, ar fágḃaḋ; agus atáid ag íarruiḋ manma, do ḃuain asum.
Agus a duḃairt seision, Do ḃí mé ro éudṁar ar son an TIĠEARNA Día na slóġ: do ḃríġ gur ṫréigedar clann Israel do ċunraḋ, gur ṫeilgeadar sios haltóra, agus gur ṁarḃadar ṫfáiġe leis an ccloiḋeaṁ; agus misi, misi aṁáin, ar fágḃaḋ; agus atáid ag íarruiḋ manma do ḃuáin asum.
Agus biáiḋ sliġe ṁór ann sin, agus bealaċ, agus goirfiġear ḋe, Bealaċ na náoṁṫaċda; ní ṡíuḃolnid na neaṁġloin ṫríd; aċt biáiḋ sé na ccoinnesion: an fear siuḃail, agus na hamadáin, ní raċuid a muġa ann.
Cuir súas duit féin coṁarṫaḋa sliġeaḋ, déana ḋuit cáirn árda: cuir do ċroiḋe leaṫ ris an tsliġe ṁóir, eaḋon an tsliġe ann ar imṫiġ tú: fill a rís, a ṁaiġdion Israel, fill a rís ċuca so do ċaiṫreaċasa.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte.
Annsin cuiṁneoċa tú do ṡliġṫe, agus biáiḋ náire ort, an tan ġlacfus tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ċugad, do ḋeirḃṡíur is sine agus is óige: agus do ḃéara mé ḋuit íad mar inġeanaiḃ, aċt ní maille red ċunnraḋsa.
Agus do ḋéana mé áoinċineaḋ aṁáin díoḃ annsa dúṫaiġ ar ṡleiḃtiḃ Israel; agus buḋ aóinríġ aṁáin ḃus ríġ orra uile: agus ní ḃiáid na ndá ċineaḋ ní is mó, ní mó rannfuiġear an ndá rioġaċd íad ní is mó air aónċor:
Annsin cruinneoċṫar clann Iúdah agus elann Israel a naóinḟeaċd, agus cinnfid aóinċionn dóiḃ féin, agus tiucfuid súas as an ttír: óir buḋ mór lá Iesreel.
Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.