3 Oír tiucfuiḋ cineaḋ amaċ na haġaíḋ as an ttuáisceart, noċ ḋéanas a tír na fásaċ, agus ní áitreoḃuiḋ duine ar biṫ ann: áṫroċuid síad, imeoċuid, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ.
Díoġḃáiġfiḋ mé an duine agus an beaṫaċ, scriosfa mé éanlaiṫ a naiéir, agus eisc na fairge, agus na cip ṫuisliġ maille ris na ciontaċaiḃ; agus geárrfa mé amaċ an duine ón ttalaṁ, a deir an TIĠEARNA.
Déanuiḋ na soiġde loinnreaċ; cruianigbiḋ na scíaṫa: do ṫóig an TIĠEARNA spiorad ríġ na Médianaċ: óir is a naġaiḋ na Babilóine atá a ṫríall dá milleaḋ; do ḃríġ gur bé dioġaltas an TIĠEARNA é, dioġaltas a ṫeampuill.
Annsin a déara tú, A ṪIĠEARNA, do laḃair tú a naġaiḋ na haitesi, dá gearraḋ amaċ, iondus noċ ḃfanfaḋ áon innte, do ḋuine nó do ḃeaṫaċ, aċt go mbía sí na fásaċ go bráṫ.
¶ Oír, féuċ, tóigfe misi súas agus do ḃéara mé fa deara ar ċoiṁṫionól ṁorán cineaḋaċ teaċt súas a naġaíḋ na Babilóin ón tír ṫuáiġ: agus cuirfid íad féin a nórduġaḋ na haġuíḋ; béarṫar as sin í béid a soiġide aṁuil buḋ ó ḋuine ġasta neartṁar; ní ḟillfiḋ ar biṫ go díoṁaóin.
Annsin gáirdeoċuiḋ neaṁ agus talaṁ, agus a nuile ní dá ḃfuil ionnta ar son na Babilóine: óir tiucfuid na creaċadóiriḋ ċuice ón tuáisceart, a deir an TIĠEARNA.
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, dóirtfiġear mfearg agus mo ċúṫaċ amaċ air a náitsi, ar ḋuine, agus air ainṁiḋe, agus ar ċrannuiḃ an ṁaċaire, agus air ṫoraḋ na talṁan; agus loisgfiḋ sé, agus ní múċfuiġear é.
Oír raċa misi tré ċríċ na Hégipte a noċd, agus buáilfead a nuile ċéidġin aittír a Négipt, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ; agus daiṁḋeóin uile ḋée na Hégipte cuirfeaḋ breiṫeaṁnus a gcríċ: as misi an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Sgriosfuiḋ me an duine do ċruṫaiḋ me ó aġaiḋ na talṁan; ar áon an duine, agus an beiṫeaċ, agus an ni ṡnáṁus agus éunlaiṫ an aiéir; óir as aiṫreaċ liom a ndéunaṁ.
Do ṫog misi áon súas as an ttuáisceart, agus tiucfa sé: ó éirġe gréine ġoirfios sé air mainmsi: agus tiocfa sé air ṗrionnsaḋuiḃ aṁuil ar ṁoirtéur, agus aṁuil ṡaltras fear déanta na bpotaḋ an ċríaiḋ.
Marso a deir an TIĠEARNA re na ungṫaċ, re Cirus, ar ċonnaiṁ mé a láṁ ḋeas, do ċlaói cineaḋaċ ḋá laṫair; agus sgaóilfe mé leasraċ ríoġ, dosclaḋ roiṁe geataḋa an dá leaṫ ċoṁlaḋ; agus ní druidfiġear na doirse;
Ar na sléiḃtiḃ tóigfiod súas golġáir agus gúḃa, agus ar son áitreaḃṫaċa a nfásuiġ caóineaḋ, do ḃríġ go ḃfuilid loisge, iondus naċ féidir dáon gaḃáil ṫársa, agus naċ ccluinid gúṫ na háirnéisi; do ṫeiṫ araon éunlaiṫ a naiéir agus an beaṫaċ; atáid ar nimṫeaċt.