A measc na ccloċ mbláiṫ an tsroṫa atá do ċuid ronna; is íad, íad sin do ċuid ronna: eaḋon is dóiḃsin do ḋóirt tú ofráil diġe, do íoḋbair tú ofráil ḃíḋ. An ḃfuiġinnse sólás ar biṫ ionta so?
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel a naġaiḋ na náoḋaireaḋ ḃíaṫas mo ṗobal; Do scabaḃair mo ṫréud, agus do ḋíbreaḃair seaċad íad, agus níor ḟiosruiġeaḃair íad: féuċ, diġeola misi oruiḃsi uilc ḃur ngníoṁ, a deir an TIĠEARNA.
Iondus nar ḟéad an TIĠEARNA iomċar ni buḋ faide, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa, agus do ḃríġ na ngráineaṁleaċd do rinneaḃair; uimesin atá ḃur ttír na fásaċ, agus na húaṫḃás, agus na malluġaḋ, gan áitreaḃṫaċ, mar atá a niuġ.
Uimesin atáim lán dfeirg an TIĠEARNA; atáim coirṫe do ḃeiṫ am ṫoċt: dóirtfiḋ mé amaċ í ar an cclainn a muiġ, agus ar oireaċtus na ndaóine óg a naóinḟeaċt: óir géuḃṫar an fear agus fós an ḃean, an táosta maille ris an tí ḃíos lán do láeṫiḃ.
¶ Oír is marso a duḃairt TIĠEARNA na slóġ, Gearruiḋ sios crainn, agus teilgiḋ port a naġaiḋ Ierusalem: isí so an ċaṫair ionċúartuiġṫe; is leaṫtrom í iona lár uile.
Atá a tteanga aṁuil soiġead caite amaċ; a deir sí cluáin: laḃruiḋ duine go síoṫċánta ré na ċoṁarsoin lé na ḃéul, aċt iona ċroiḋe cuiriḋ sé luiḋeaċán air.
Do coiṁlíonaḋ pionós héigceirt, a inġean Ṡion; ní ḃéara sé ní sa ṁó ṫú a ndaoirsine: cuáirteoċa sé héigceart, a inġean Edom; foillseoċuiḋ sé do ṗeacuiḋe.
Agus ní ċoigeoluid mo ṡúile, ní mó ḃías truáiġ agum: cúiteoċa mé riot do réir do ṡliġṫeaċ agus on ġráineaṁlaċta atá ann do lár; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA noċ ḃuáilios siḃ.
Agus aigeora mé láeṫe Ḃáalim uirre, ionar loisg sí túis dóiḃ, agus ann ar ḋeaġṁaisiġ si í féin le na clúasḟáinniḃ agus le na séuduiḃ, agus do ċuáiḋ sí a ndiáiġ a háosgráḋa, agus do ḋearmuid sí misi, a deir an TIĠEARNA.
Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt.
Agus dó ḃéura mé cloiḋioṁ oruiḃ, ḋiġeólus cúis mo ċunnarṫa: agus a nuáir ċruinneoċṫáoi a ḃfoċair á ċéile a stiġ ion ḃar gcaiṫreaċaiḃ, cuirfe me an ṗláiġ ḃur measc; agus seaċódṫar a láiṁ na náṁad siḃ.
Atá Día éudṁar, agus do ní an TIĠEARNA dioġaltas; atá an TIĠEARNA dioġaltaċ, agus fíoċṁar; dó ḋéanuiġ an TIĠEARNA dioġaltas ar a naiṁdiḃ, agus taisciḋ sé géarsmaċt dá easccáirdiḃ.
Riomsa ḃeanas an dioġaltas, agus an luaġáir; sleiṁneoċuiḋ a ccos na ham féin: oir atá lá a mbuaiḋearṫa a laṫair, agus atáid na neiṫe ṫiucfas orra ag déanaṁ deiṫnis.
Gáirdiġiḋ, O a ċríoċa lé na ṗobalsan: óir diġeoluiḋ sé fuil a ṡerḃíseaċ, agus cúiteoċuiḋ sé dioġaltas re na náṁuid, agus biáiḋ sé grásaṁuil da ṫír, agus da ṗobal féin.