Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 5:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 ¶ Ciondus ṁaiṫfios mé so ḋuit? do ṫréig do ċlann mé, agus do ṁionnuiġeadar san ndroing naċ ḃfuil na ndeiḃ: a nuáir do líon mé íad le bíaḋ, annsin do rinneadar aḋaltrannas, agus do ċruinniġeadar íad féin iona ndrongaiḃ go tiġṫiḃ na meirdreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 5:7
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ ar ṫeilgeaḃair amaċ sagairt an TIĠEARNA, mic Aaron, agus na Leḃitiġ, agus do rinneaḃair ḋáoiḃ féin sagairt do reír ṁoḋa ċinneaḋaċ ċríoċ oile? iondus giḋ bé ar ḃiṫ ṫiucfus dá ċoisreagaḋ féin lé bulóig agus lé seaċd reiṫe, go ḃféadann an té sin ḃeiṫ na ṡagart ḋóiḃ sin naċ bfuil na ndéeiḃ.


Oír is teine sin loisgios ċum scriosta, agus dó ṫoċlaḋ amaċ mo ḃiseaċ uile.


Má ċí tú gaduiġe, riġfiḋ tú leis, agus atá do ċuid ronna leis na haḋaltrannaċaiḃ.


Agus tiucfa á geríċ, má ḟóġlomuid síad go dúṫraċtaċ sliġe mo ṗobail, do ṁionnuġaḋ fám ainmsi, Mairiḋ an TIĠEARNA; mar do ṁúineadarsan dom ḋaóiniḃsi mionnuġaḋ fa Ḃáal, annsin suiḋeoċṫar íad a lár mo ṗobail.


Do ċonnairc mé haḋaltrannuis, agus do ṡeitreaċa, gráin do stríopaċuis, do graáineaṁlaċd ar na cnocuiḃ annsna maċairiġiḃ. A ṁairg ḋuit, a Ierusalem! naċ déana tú ṫú féin glan? ca ham fós a ḃías sin?


Ann sin a déara tú ríu, Do ḃríġ gur ṫréigeadar ḃur naiṫre mé, a deir an TIĠEARNA, agus gur ṡlúḃluiġeadar a ndiáiġ dée oile, agus gur aḋradar ḋóiḃ, agus gur onóruiġeadar íad, agus gur ṫréigeadar misi, agus nar ċoiṁéadadar mo ḋliġeaḋ;


An ndéana duine dée ḋó féin, agus naċ dée íad ar áonċor?


Nar ṁalartuiġeadar na geinte dée, naċ ḃfuil ar aon ċor na ndéeiḃ? aċd dáṫruiġeadar mo ḋaóinesi a nglóir ar ní naċ ttarḃuiġionn.


O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?


Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.


Aċt a duḃairt mé, Ciondus ċuirfios mé ṫusa a measg na cloinne, agus ḃéaras mé dúṫaiġ aóiḃin duit, deaġoiġreaċd ṡlúaġ na gcineaḋaċ? agus a dúḃairt mé, Goirfe tú ḋíomsa, Mo aṫair; agus ní ḟillfe tú ar ais uáimsi.


Agus do ċonnairc misi, a núair ar son gaċ uile ċúise ler ċiontuiġ Israel ṁíoċoinġiollaċ a naḋaltranas gur ċuir mé uaim í, agus go ttug mé scríḃinn dealuiġṫe ḋi; ṫairis sin níor ġaḃ eagla a deirḃṡíur ḟealltaċ Iúdah, aċt dimṫiġ sí agus do rinne sí fós meirdreaċus.


An ngadfuiḋe, an muirfiḋe, a ndéantaói aḋaltrannas, agus mionna bréige do ṫaḃairt, agus túis do losgaḋ do Ḃaal, agus imṫeaċt a ndiáiġ dée oile naċ feas díḃ;


Oh, naċ uisgeaḋa mo ċeann, agus naċ tobar déur mo ṡúile, ċor go nguilfinn do ló agus doíḋċe ar son marḃ inġine mo ḋaóine!


Oh naċ ḃfuil agum annsa ḃfásaċ ionad cóṁnuiḋe luċt turuis; ċor go ḃfúigfinn mo ḋaoine, agus go nimeoċuinn úaṫa! óir is aḋaltrannuiġ íad uile, agus oireaċdas daóine meaḃlaċ.


Do ċionntuiġeamar agus do rinneamar cogaḋ: agus níor ṁaiṫ tusa.


Agus do rinne neaċ gráineaṁlaċt ré mnaói a ċoṁarsan; agus do ṫruáilliḋ neaċ oile inġean a ṁná; agus duṁluiġ neaċ oile ionnadsa a ḋeirḃṡíur, inġean a aṫar.


¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.


Do réir a ninḃir, is marsin do líonaḋ íad; do líonaḋ íad, agus do ḃí a ccroiḋe air na árduġaḋ; uimesin do ḋearmadar misi.


Brisid síad amaċ lé mionnuiḃ, lé bréaguiḃ, le marḃaḋ, lé goid, lé déanaṁ aḋaltranais, agus beanuiḋ fuil re fuil.


Atáid uile na naḋaltrannaċaiḃ, aṁuil uáiṁ te ón ḃáicéir, noċ scuirios do ṫógḃáil tairéis an taóis do ṡúaṫaḋ, nó go raiḃ na loiḃín.


¶ Agus an té ḋéanas aḋaltrannas ré mnaói ḋuine eile, do ḋéanas aḋaltrannus re mnaói a ċoṁársan, cuirfiġear go deṁin an taḋaltrannaċ fir agus mná cum báis.


An drong ṁionnuiġios fa ṗeacaḋ Ṡamária, agus a deir, A Ḋan, mairiḋ do ḋía se; agus, mairiḋ moḋ Ḃeer‐seba; eaḋon tuitfid síadsin, agus ní éireoċuid súas a rís go bráṫ.


Agus an drong aḋras slúaġ neiṁe air ṁulluiġiḃ na ttiġṫeaḋ; agus an drong aḋras agus ṁionnuiġios fán TTIĠEARNA, agus ṁionnuiġios fa Ṁalċam;


Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.


A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġuid luċd déanta na heugcóra sealḃ rioġaċda Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfuiġiḋ sdríopṫaċa, na luċd ioḋalaḋruiḋ, na luċd aḋaltrannais, ná dáoine macnusaċa, ná dáoine míonadúrṫa,


Uime sin a dtáoḃ íṫe ḃíḋ íoḋbarṫar díoḋaluiḃ, atá a ḟios aguinn naċ ḃfuil éifeaċd ar biṫ a nioḋail, agus naċ ḃfuil Día eile ann aċd an táon Día.


Aċd an tan sin ar mbeiṫ ḋáoiḃ gan eólas Dé aguiḃ, do ḃíoḋ siḃ ag seirḃís do na déeiḃ, naċ ḃfuil na ndéeiḃ ó naduir.


¶ Aċ do reaṁruiġ Iesurun, agus do ṗreab sé: do reaṁruiḋ tusa, do ṁéatuiġ tú, atá tu foluiġṫe ré saill; ansin do ṫréig sé Día do rinne é, agus do ḋímeas Carruicc a ṡlánuiġṫe.


Do ċorruiġeadar ċum éada mé, leis an ní naċ Día; do ḃrostuiġeadar mé ċum feirge le na ndíoṁáoineas: agus cuirfe misi eúd orrasan ris an ndroing naċ ḃfuil na bpobal; broisteoċuiḋ mé ċum feirge íad ré cineaḋ amadanta.


As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.


A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.


Agus naċ ttiocfuíḋe a measc na ccineaḋso, ṁairios ḃur measc; agus naċ ndéantaoi iomráḋ ar a ndeeiḃ na nainm, agus naċ ttiuḃarṫaoí fa deara a ttaḃairt mar ṁionnuiḃ agus naċ ndeantuiḋ serḃis dóiḃ, agus naċ ccláonfuiḋ siḃ féin dóiḃ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ