A nuáir ḃéid a ġéaga críon, brisfiġṫear amaċ íad: tiucfaid mná, agus cuirfid tré ṫeine íad: óir is daóine gau tuicsin ar biṫ íad: uimesin ní ḃí truáiġe ag an té do ċom íad dóiḃ, agus ní ṫaisbeanfa an té do ċrúṫaiġ íad faḃar ḋóiḃ.
Oír atáid mo ḋaóine leaṁ, níor aiṫniġeadar mé; is clann ḃrúideaṁuil fad, agus ní ḃfuil tuicsi ar biṫ aca: atáid glic ċum uilc do ḋéanaṁ, aċt do ḋéanaṁ maiṫeasa ní ḃfuil tuicsi ar bíṫ aca.
Aseaḋ, bí fios a haimsire cinte ag an ccorr‐ġláis ann sa naiéir; agus coṁarṫuiġ an turtuír agus an ċórrṁónaḋ agus a náinleóg am a tteaċta féin: aċt ní ḟeidir mo ḋaóinesi breíṫeaṁnus an TIĠEARNA.
Agus cláonuid síad a tteanga aṁuil a mbóġa ċum bréag: aċt ní ḃfuílid síad cróḋa ar son na fírinne ar an talaṁ; óir tíaġaid ar a naġaiḋ ó ólc go holc, agus ní feas dóiḃ misi, a deir an TIĠEARNA.
¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.