4 Cred fa ngáirdiġion tú annsa ġleann, ann do ġleann tuileaṁuil, a inġean ṁíoċoinġiollaċ? do ḋóṫċusuiġ iona saiḋḃrios, ag ráḋ, Cía ṫiucfas dom ionnsaiḋsi?
Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a áitreaḃuiġ an ġleanna, agus ċairge an réitiġ a deir an TIĠEARNA; noċ a deir, Cía ṫiucfas a núas ar naġaiḋ? nó cía raċus ann ar ttiġṫiḃ?
Filliḋ, a ċlann ṁioċoinġiollaċ; a deir an TIĠEARNA; óir atáimsi pósta riḃ: agus glacfa mé siḃ áon as caṫruiġ, agus días as muinntir, agus do ḃéara me siḃ go Sion:
¶ Oír do, ḃríġ gur ċreid tú ann hoibreaċaiḃ agus ann hionnmbusaiḃ, géuḃṫar ṫusa fós: agus raċa Ċemos amaċ a mbraiġdionas maille re na ṡagartaiḃ agus re na ṗrionnsaḋuiḃ a naóinḟeaċt.
Do ṁeall húaṫḃás ṫú, agus úaḃar do ċroiḋe, ṫusá ċoṁnuiġios a scealpuiḃ na ccarrac, ċóngṁus áirde an ċnoic: bíoḋ go ndeantá do nead coṁárd ris a niolar, do ḃeara misi a núas as sin ṫú, a deir an TIĠEARNA.
Aċt níor éistiodar, ní mó do ċláonadar a ccluás, aċt do ṡiúḃladar a ccoṁairleaċaiḃ agus a neasurraim a ndroċċroiḋe féin, agus do ċúadar ar a ccúl, agus ní air a naġaiḋ.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;
Ionann agus do árduiġ sí í féin a nglóir agus a naóiḃneas, tuguiḋ ḋi sa méid ċéudna peannuid agus doilġeas: óir a deir sí na cróiḋe, Atáim um ṡuiḋe a nionad bainnrioġna, agus ní bainntreaḃaċ mé, agus ní ḟaicfe mé doilġeas.