O siḃsi áitreaḃus ann Móab, fágḃuiḋ na caiṫreaċa, agus coṁnuiġiḋ annsna cairgiḃ, agus bíṫí cosṁuil ris an ccolum do ni a nead a leaṫ taóiḃ ḃéil an tuill.
Agus tugaḋ don ṁnaói ḋá sgiaṫán iolair ṁóir, ċum dul dí ar eitealluiġ fán ḃfásaċ, dá hionad féin, sa náit a noiltear í feaḋ aimsire, agus aimsioraċ, agus leiṫ aimsire, ó aṁarc a naiṫir niṁe.
Uimesin fa mar ṁairim, a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, Go deiṁin biaiḋ Móab mar Ṡodom, agus clann Ammon mar Ġomorrah, eaḋon na maṫair neantog, agus na poll salumn, agus na háonranaċd ṡiórruiḋe: millfiḋ íarḋráoi mo ḋaóine íad, agus sealḃoċuid íarsma mo ḋaóine íad.
Iondus nar ḟéad an TIĠEARNA iomċar ni buḋ faide, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa, agus do ḃríġ na ngráineaṁleaċd do rinneaḃair; uimesin atá ḃur ttír na fásaċ, agus na húaṫḃás, agus na malluġaḋ, gan áitreaḃṫaċ, mar atá a niuġ.