2 Ní ḃiáiḋ níosa ṁó do ṁolaḋ ar Ṁoab: do ṫionnscnadar olc na haġaiḋ ann Hesbon; déanam, gearram amaċ í ó ḃeiṫ na cineaḋ. Géarrfuiġear fós síos ṫú, a Ṁadmen; leanfuiḋ an cloiḋeaṁ ṫú.
Ualaċ Ṁoab. Do ċionn san noiḋċe gur fágḃaḋ Ar Ṁoab nafásaċ, agus gur cuireaḋ na toċd í; do ċionn san noiḋċe gur fásuiġeaḋ Cir Ṁoab, agus gur cuireaḋ na toċd í;
Coṁaircfiḋ mo ċroiḋe go hárd ar son Ṁoab; teiṫfid a ḋíbearṫuiġ go Soar, seasgḃó ṫrí mblíaḋan daóis: óir le roċduin Luhit súas le gul raċaid síad súas air; óir a sliġe Horonáim tóigfid súas coṁairc na dioġḃála.
Aċt a nois do laḃair an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Táoḃ a stiġ do ṫrí blíaḋnuiḃ, mar ḃlíaḋnuiḃ formaluiġ, agus cuirfiġear glóir Ṁoab a ttárcuisne, maille ris a niomadaṁlaċ ṁóir sin; agus biáiḋ an fuiġioll ro ḃéag agus lag.
¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel riomsa; Glac cupán fíona na díḃḟeirgesi as mo láiṁ, agus taḃair ar na huile cineaḋ, gus a ccuirfe misi ṫú, ol de.
Má imṫiġid na hórduiġṫe sin ó ḃeiṫ ám ḟíaġnuise, a deir an TIĠEARNA, annsin cuirfiod síolraḋ Israel mar an ccéadna ó ḃeiṫ na ccineaḋ am ḟíaġnuise gó bráṫ.
Naċ measann tusa cioḋ a dúḃradar an pobalso, ġa ráḋ, An dá ṁuinntir do ṫoġ an TIĠEARNA, do ṫeilg sé úaḋa íad? marso do ṫarcuisniġeadar mo ṁuinntir, ċor naċ beidís ní sa ṁó na ccineaḋ dá laṫair.
Ná bíoḋ eagla ort, a Iácob mo ṡeirḃíseaċ, a deir an TIĠEARNA: óir atáimsi maille riot; do ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán do nuile ċineaḋ ċum ar ṫeilg mé ṫú: aċt ní cuirfiḋ mé deireaḋ iomlán leaċdsa, aċt smaiċteoċa mé ṫú a measarḋaċt; giḋeaḋ ní ḟúigfiḋ mé ṫú go hiomlán gan smaċtuġaḋ.
Do ṡeasadar fa ḋíon Hesbon an drong do ṫeiṫ tre ainneart: aċt tiucfuiḋ teine amaċ as Hesbon, agus a sair as lár Sihon, agus loisgfiḋ sí cuáinne Ṁóab, agus coróin ċinn na ndaóine cceannairgeaċ.
Núall, a Hesbon, óir do creaċaḋ Ai: éiġiḋ, a inġeana Rabbah, gaḃaiḋ siḃ féin a saicéadaċ; cáoiḋiġ, agus rioṫuiḋ síos agus súas láiṁ ris na sáltuiḃ; óir raċaiḋ a ríġ a mbraiġdionas, a ṡagairt, agus a ṗrionnsaḋa a naoinfeaċt.
Oír do ḃéara mé ar Elam anḃfainninġaḋ a laṫair a náṁad, agus a laṫair na druinge íarrus a mbás: agus do ḃéara mé olc orra, eaḋon mfearg ḃorḃ, a deir an TIĠEARNA; agus cuirfiḋ mé an cloiḋeaṁ na ndiáiġ, nó go ccuiriḋ mé deireaḋ léo: