¶ Dfill mé, agus do ċonnairc mé faói an ngréin, náċ don lúaṫ atá an ċoiṁling, nó an caṫ don neartṁar, nó fós an tarán do neagnuiḋ, nó fós saiḋḃrios do na daóiniḃ tuigsionaċa, nó fós faḃar do luċt an ġliocuis; aċt go tteagṁann am agus cinneaṁuin dóiḃ uile.
Oir a déara sé, Lé neart mo láṁ do rinne mé é, agus lé mo ġliocus; óir atáim glic: agus dáṫruiġ mé téora na ndaoine, agus do ṡlad mé a nionnṁus, agus dol ċuir mé síos na dúṫċusaiġ aṁuil duine cróḋa.
Do ṁeall húaṫḃás ṫú, agus úaḃar do ċroiḋe, ṫusá ċoṁnuiġios a scealpuiḃ na ccarrac, ċóngṁus áirde an ċnoic: bíoḋ go ndeantá do nead coṁárd ris a niolar, do ḃeara misi a núas as sin ṫú, a deir an TIĠEARNA.
Ciondus a dearṫaói, Atámaóid críonna, agus atá dliġeaḋ an TIĠEARNA aguinn? Féuċ, go dearḃṫa is go díoṁaoin do rinne sé é; is go dioṁaóin atá peann na scriḃneóireaḋ.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Is marso a deir an TIĠEARNA; Tuitfiḋ fos an drong ċongṁus súas an Négipt; tiucfuiḋ úaḃar a cuṁaċt a núas; tiutfid síad innte leis an ccloiḋeaṁ ó ṫor Siene, a deir an Tiġearna DIA.