Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.
Agus a duḃairt Elias riú, Gaḃuiḋ faíġe Ḃaal; ná léigiḋ áon díoḃ as. Agus do ġlacadar íad: agus rug Elias síos íad go haḃuinn Cison, agus do ṁarḃ sé annsin íad uile.
Uimesin do haḋnaḋ fearg an TIĠEARNA re Amasiah, agus do ċuir sé fáiġ ċuige, noċ a duḃairt ris, Cred fár íarr tú a ndiáiġ ḋeeíḃ na ndaóine, naċ ar ḟéad a ndaoine féin do ṡáoraḋ as do láiṁse?
¶ Cruinniġiḋ siḃ féin agus tigiḋ; láiṁ ré ċéile, a ḋrong do ċuáiḋ as do na cineaḋaċaiḃ: ní ḃfuil éolus ar biṫ ag an ṁéid ċuireas súas maide a níoṁáiġeaḋ greanta, agus ġuiḋios ċum dé naċ ccaḃruiġionn íad.
Uimesin, féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go ccuirfiḋ misi rúagaireaḋa ċuige, ċuirfios dfiaċaiḃ air seaċrán do ḋéanaṁ, agus ḟoilṁeoċus a ṡoiṫeaḋa, agus ḃrisfios a mbuidéil.
Núallfuiḋ síad, ag ráḋ, Ciondus do briseaḋ síos e! ciondus diompóiġ Moab a ċúl tré náire! mar sin ḃias Móab na ṁagaḋ agus na úaṁan dá ḃfuil ar gaċ taóiḃ ḋe uile.
¶ Oír do, ḃríġ gur ċreid tú ann hoibreaċaiḃ agus ann hionnmbusaiḃ, géuḃṫar ṫusa fós: agus raċa Ċemos amaċ a mbraiġdionas maille re na ṡagartaiḃ agus re na ṗrionnsaḋuiḃ a naóinḟeaċt.
Naċ sealḃoċaiḋ tusa an ní noċ do ḃeir do ḋía Ċemos duit re ṡealḃuġaḋ? Mar sin giḋ bé a rbiṫ ċuirfeas ar TTIĠEARNA Día fein amaċ roṁuinne, sealḃoċuim íad.