Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 47:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Is marso a deir an TIĠEARNA: Féuċ, éireoċuid uisgeaḋa súas ón ttuaisceart, agus biáid na ttuile tar ḃrúaċ, agus báiṫfid an tír, agus a nuile ni dá ḃfuil ann; an ċaṫair, agus an drong áitreaḃus innte: annsin coṁaircfid na daóine, agus núallfuid uile áitreaḃṫaċa na tíre.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 47:2
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

As leis an TTIĠEARNA an talaṁ, agus a iomláine; an sáoġal, agus an ṁéid áitreaḃas ann.


Dá mbéinn ocraċ, ní inneosuinn duitsi: óir is liomsa an doṁan, agus a iomláine.


Déindís na flaiṫeaṁnuis gáirdeaċus, agus bíoḋ lúaṫġáire air an ttalaṁ; déanaḋ an ṁuir búireaḋ, agus gaċ a ḃfuil inte.


Déanaḋ an ṁuir mongair, agus a hiomláine; an sáoġal agus an dream ċoṁnuiġios ann.


Nuáill, a ġeata; éiġ, a ċaṫair; ṫusa, a Ṗalestína uile, atá tú sgaóilte: óir tiucfa deataċ ón tuáisgeart, agus ní ḃía áon na áonar ar uáiriḃ cinnte.


Oír do ċúadar na coṁairc timċioll ḃrúaċ Ṁoab: a núallġuḃasan go Heglaim, agus a núallġuḃasan go Beerelim.


Ualaċ ġlinne na fise. Cred dimṫiġ ort a nois, as a ndeaċaiḋ tú go hiomlán súas go mullaċ an tiġe?


¶ Cuirfe mé fós breiṫeaṁnus ċum an líne, agus firéantaċd ċum an ṗlumma luáiġe: agus scuábfuiḋ an ċloiċṡneaċda an dídean ón mbréig, agus tuileoċuid uisge a náit ḟoluiġṫe.


Marsin ḃías eagla anma an TIĠEARNA orra ó náird ṡíar, agus a ġlóire ó éirġe na gréine. A nuáir ṫiucfas an náṁuid a steaċ aṁuil tuile tóigfe Spiorad an TIĠEARNA brataċ súas na aġaiḋ.


Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Amaċ as an ttuaisceart ḃrisfeas olc ar a nuile áitreaḃṫaċ san tír.


Do ċúala na cineaḋaċa do náire, do líon do ċoṁairc an tír: óir do ṫuisliġ an duine neartṁar a naġaíḋ an ċuṁaċdaiġ, agus do ṫuiteadar aráon a naóinḟeaċt.


¶ An focal do laḃair an TIĠEARNA ré Ieremiah an fáiḋ, mar ṫiucfaḋ Nebuċadnessar ríġ na Babilóine agus go mbuáilfeaḋ sé críoċ na Hégipte.


Is cosṁuil a Négipt ré colluid ḃréaġḋa, aċt ṫig an taiḋṁilleaḋ; ṫig sé ón ttuáisceart.


Náireoċṫar inġean na Hégipte; do ḃéarṫar a láiṁ ṁuinntire an tuáisceirt í.


Núallfuiḋ síad, ag ráḋ, Ciondus do briseaḋ síos e! ciondus diompóiġ Moab a ċúl tré náire! mar sin ḃias Móab na ṁagaḋ agus na úaṁan dá ḃfuil ar gaċ taóiḃ ḋe uile.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, tíucfuid daóine ón tír ṫuáiġ, agus tóigfiġear cineaḋ mór as táoḃuiḃ na talṁan.


Do ċlós tormán a eaċruiḋe ó Ḋan, do ċríoṫnuiġ an talaṁ úile le fuáim ṡeitriġe a eaċ láidir; óir ṫángadar, agus do ṁilleadar an tír, agus a ḃfuil innte; an ċaṫair agus an ṁéid ċóṁnuiġios innte.


Agus lé láṁuiḃ tuile báiṫfiġear íad ó ḃeiṫ roiṁe, agus biáid briste; fós, mar an ccéadna prionnsa an ċunnarṫa.


Aċt cuirfiḋ sé deireaḋ iomlan ré na áit le tuile raḃarṫa, agus leanfuiḋ dorċadus a naiṁde.


Oir as leis an Dtiġearna an talaṁ, gon a líonṁaireaċd.


Giḋeaḋ dá nabruḋ éunnduine riḃ, Is dioḋaluiḃ do híoḋbraḋ so, ná híṫiḋ é ar son an tí do ḟiollsiġ ḋíḃ é, agus ar son coinnsiáis: oír as leis an Tiġearna an talaṁ, gon a líonṁaireaċd:


Ag súd ċuige siḃ a nois, a ḋaóine saiġḃre, déunuiḋ gul agus uáillfeartaċ, ar son na naṁgar ṫiucfus oruiḃ.


Agus táinic aingeal do na seaċd naingliḃ agá raḃadar na seaċd soiṫiġe, agus do laḃáir sé riom, ag ráḋ riom, Gaḃ a leiṫ; taisbéana mé ḋuit dámnuġaḋ na méirrdriġ móire atá na suiḋe ár uisgeḋiḃ iomḋa:


Agus a duḃairt sé ríom, Na huisgeaḋa do ċonnairc tú, sa nionad na ḃfuil an ṁeírrdreaċ na suiḋe, as puibleaċa, agus coiṁṫionóil, agus cíneaḋaċa, agus teangṫa iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ