Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.
An focal do láḃair Ieremiah an fáiḋ ré Baruċ ṁac Neriah, a núair do scríoḃ sé na briaṫrasa a leaḃar ó ḃéul Ieremiah, annsa ceaṫraṁaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah, ġá ráḋ,
A dúḃairt tú, A ṁairg ḋaṁsa a nois! óir do ċuir an TIĠEARNA doilġios a ccionn mo ḋóbróin; danḃfainniġ mé ann mosnaḋuiḃ, agus ní ḟaġuim suáiṁneas ar biṫ.
Do ḃeir furtaċd dúinn ann ar nuile ṫriublóid, ionnus go dtiucfaḋ ḋínn coṁḟurtaċd do ṫaḃairt don druing ar a mbí buáiḋreaḋ ar ḃiṫ, trés an gcoṁḟurtaċd ré a ḃfaġmaóid féin furtaċd ó Ḋía.