Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 43:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aċt asé Baruċ ṁac Neriah do ḃrostuiġ ṫú ar naġuiḋne, dar ttaḃairt a láiṁ na Ccaldéanaċ, ionnus go ccuirdís ċum báis sinn, agus go mbeirdís sinn a láiṁ don Ḃabilóin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 43:3
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar son mo ġráḋa atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaiġ.


Agus ṫug mé scríḃinn na ceannuiġeaċda do Ḃaruċ ṁac Neriah, ṁic Maaseiah, a raḋarc Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar, agus a laṫair na ḃtíaġan do scríoḃ a leaḃar na ceannuiġeaċda, a laṫair na Níuduiġeaḋ uile do ṡuiġ a ccúirt an ṗríosúin.


Annsin do léiġ Baruċ annsa leaḃar bríaṫra Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA, a seomra Ġemariah ṁíc Saṗan an scriḃneóir, annsa ċúirt dob áirde, ag dul a steaċ an ġeata nuáiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, a cclúasaiḃ an ṗobail uile.


Aċt daiṫin an ríġ do Ierahmeel ṁac Hammeleċ, agus Seraiah ṁac Asriel, agus Selemiah ṁac Abdiel, Báruċ an scríoḃuiḋe do ġaḃáil agus an fáiġ Ieremiah: aċt dfoluiġ an TIĠEARNA íad.


An sin do ġoir Ieremiah Baruċ ṁac Neriah: agus do scríoḃ Baruċ ó ḃéul Ieremiah bríaṫra an TIĠEARNA uile, noċ do laḃair sé ris, a rola leaḃair.


Uimesin a dúḃradar na prionnsaḋa ris an ríġ, Iarramaoid daṫċuinge ort, cuirṫear an té so ċum báis: óir is marso laguiġios sé láṁa fuiġeal luċt cogaiḋ na caiṫreaċso, agus láṁa an ṗobuil uile, ag laḃairt a leiṫeide so do ḃríaṫruiḃ riú: óir ní hé leas na ndaóinese íarrus an fearso, aċt a naiṁleas.


Do ḃríġ na Ccaldeánaċ: óir do ḃádar eaglaċ rompa, do ḃríġ gur ṁarḃ Ismael ṁac Netaniah Gedaliah ṁac Ahicam, noċ da ndeárna ríġ na Babilóine úaċdarán annsa tír.


Eaḋon fir, agus mná, agus leanba, agus inġeana an ríġ, agus gaċ áon dar ḟág Nebusaradan caiptín an ġárda ag Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan, agus Ieremiah an fáiġ, agus Baruċ ṁac Neriah.


As anáoiḃinn dáoiḃ, an tráṫ a déuruid na huile ḋáoíne miṫ riḃ! óir as mar sin do rinneadar a naiṫreaċa ris na fáiḋiḃ fallsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ