7 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫangadar go lár na ccaiṫreaċ, gur ṁarḃ Ismael ṁac Netaniah íad, agus do ṫeilg íad a lár an luig, é féin, agus an ṁuinntir do ḃí iona ḟoċair.
Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ.
Aċt do rinne Pecah mac Remaliah, caiptín dá ṁuinntir feín, feall air, agus do ḃúail é a Samária, a bpálás ṫiġe an ríġ, maille re Hargob agus Arieh, agus maille re caogad fear do na Gileaditeaċaiḃ: agus do ṁarḃ sé é, agus do ríoġaiḋ iona ait.
Aċt do teilgeaḋ ṫusa amaċ as a núaiġ aṁuil beangán aḋḟúaṫṁar, agus aṁuil éadaċ na droinge marḃṫar, sáite ṫríoṫa leis an ccloiḋioṁ, agus téid síos go cloċaiḃ an ṗuill; mar ċonablaċ air a saltairṫear fáoi ċosuiḃ.