Oír dfúagair TIĠEARNA na slóġ, do ṗlannduiġ ṫusa, olc ad aġaiḋ, ar son uilc ṫiġe Israel agus uilc ṫiġe Iúdah, noċ do rinneadar na naġaiḋ féin dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge a nofráil túise do Ḃáal.
Duáiḋ a nuile ḋuine dá rug orra íad: agus a dúḃradar a neasccáirde, Ní ċiontuiġemíd, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar a naġaíḋ an TIĠEARNA, áitreaḃ an ċeirt, eaḋon an TIĠEARNA, dóṫċus a naiṫreaḋ.
¶ Aċ tiucfa a ccríċ, muna nuṁluiġe tú do ġlór do ṪIĠEARNA Dé, do ċóiṁéad a aiṫneaḋ uile do ċoiṁlíonaḋ agus a reaċda uile noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ; go ttiucfuid na mallaċdasa uile ort, agus go mbéaruid ort:
Ann sin lasfuiḋ mfeargsa na naġuiḋ annsa ló sin, agus tréigfe mé íad, agus ceilfiḋ mé maġuiḋ orra, agus sluigfiġear íad, agus tiucfaiḋ mórán uilc agus trioblóide orra; ionnus go naibeoruid síad san ló sin, Naċ uime ṫangadar na huilcsi oruinn, mar naċ ḃfuil ar Ndía ar measc?