9 Agus tiucfa a ccríċ annsa lósin, a deir an TIĠEARNA, go múċfuiḋear croiḋe an ríġ, agus croiḋe na bprionnsaḋ; agus béid na sagairt anḃuáineaċ, agus buḋ iongnaḋ leis na faiġiḋ
¶ Agus do briseaḋ an ċaṫair súas, agus do ṫeiṫeadar luċd an ċoguiḋ eile san noíḋċe a sliġe an ġeata eidír an dá ḃalla, noċ atá láiṁ re gáirdin an ríġ: (anois do ḃádar na Caildeánuiġ a naġaiḋ na caiṫreaċ timċioll fa ccuáirt): agus dimṫiġ an ríġ annsa tsliġe leaṫ ris an réiteaċ.
Annsa ló sin biáiḋ a Négipt cosṁail re mnáiḃ: agus biáiḋ eagla orra agus uáiṁneoċuid do ḃriġ croiṫe láiṁe TIĠEARNA na slóġ, noċ ċroiṫeas sé ós a cíonn.
Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.
Aṁuil ḃíos náire ar an mbiṫeaṁnaċ a nuáir beirṫior air, is marsin atá náire ar ṫiġ Israel; íad féin, a ríġṫe, a bprionnsaḋa, agus a sagairt, agus a ḃfáiġe,
¶ Núalluíḋsi, a ṫréaduiġe na ccáoráċ, agus eiġiḋ; agus unfuirtíġe siḃ féin a lúaiṫreaḋ, a ḋrong is prinnsiopallta don tréud: óir do coiṁlíonaḋ láeṫe ḃur náir agus ḃur niomscaóilte; agus tuitfiḋe aṁuil soiṫeaċ dúileaṁuil.
Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?
Annsin do briseaḋ súas an ċaṫair, agus do ṫeiṫeadar na fir ċogaiḋ uile, agus do ċúadar amaċ as an ccaṫruiġ san noiḋċe a sliġe an ġeata idir an dá ḃalla, noċ do ḃí ag gáirdin an ríġ; (anois do ḃádar na Caldéanuiġ láiṁ ris an ccaṫruiġ ṫimcioll fa ccuairt:) agus do ċúadar a sliġe an réitiġ.
Féuċaiḋ, a luċd na tarcaisne, agus bíoḋ iongantus oraiḃ, agus leaṫnuiġiḋ mar ċeó: óir oibriġim se obair ann ḃur láeṫiḃ, obair naċ ccreidfeaḋ siḃ, dá ḃfoillsúiġeaḋ duine ḋíḃ é.