Am éagṁuissi cláonfuid síos faoi na príosúnaċaiḃ, agus tuitfid faoi na marḃuiḃ. Ar a ṡon so uile ní cláoċluiḋṫear a ḟearg, aċt ata a laṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.
Crioṫnuiġiḋ, a ṁná suáiṁneaċa; bíṫí buáiḋearṫa, a ṁná dóṫċusaċa: noċdaiḋ siḃ, agus déanaiḋ siḃ féin lomnoċd, agus criosluiġiḋ saicéadaċ ar ḃur leasraiḃ.
Uimesin atá fearg an TIĠEARNA ar naġnaḋ a naġaiḋ a ṗobail, agus do ṡín sé a láṁ amaċ na naġaiḋ, agus do ḃuail sé íad: agus do ċrioṫnuiġeadar na cnuic, agus do ḃí a cconabluiḋe réubṫa annsna sráidiḃ. Ar a ṡon so uile níor iompoiġ sé a ḟearg ḋíoḃ, aċt atá a láṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.
Na Sírianuiġ ann a ttosaċ, agus na Ṗilistiniġ ann a ndeireaḋ; agus sluicfid Israel le béul foscuilte. Ar a ṡon so uile níor filleaḋ a ḟearg, aċt atá a láṁ sinte amaċ a ccoṁnuiḋe.
Uime sin ní ġáirdeoċuiḋ an TIĠEARNA iona nóganaċaiḃ, agus ní ḋéana truáiġe da ndilleaċduiḃ nó da mbaintreaḃaċaiḃ: óir is fúarċráiḃṫeaċ gaċ aonduine agus droiċġnioṁaċ, agus laḃruiḋ gaċ aóinḃéul leiṁe. Ar a ṡon so uile ní filltear a ḟearg ar a hais, aċt ata a láṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.
¶ Núalluíḋsi, a ṫréaduiġe na ccáoráċ, agus eiġiḋ; agus unfuirtíġe siḃ féin a lúaiṫreaḋ, a ḋrong is prinnsiopallta don tréud: óir do coiṁlíonaḋ láeṫe ḃur náir agus ḃur niomscaóilte; agus tuitfiḋe aṁuil soiṫeaċ dúileaṁuil.
¶ O a inġean mo ḋaóine, criosluiġ ṫú féin a saicéadaċ, agus onfuirt ṫú féin a luáiṫreaḋ: déana ṫú féin cúṁṫaċ, aṁuil as buḋ ar son aóin ṁic aṁáin, caóineaḋ ro ġéur: óir tiucfuiḋ an creaċadóir oruinn go hobann.
¶ An ní gan suim ḋiḃ é, an ṁéid agaiḃsi uile ġaḃus láiṁ riom? féuċuiḋ, agus faiciḋ an ḃfuil dobrón ar bioṫ mar mo ḋóḃrónsa, noċ do rinneaḋ orum, ler smaċtaiġ an TIĠEARNA mé a ló a ḟeirge buirbe.
Eíġ agus núalluiḋ, a ṁic an duine: óir biáiḋ sé air mo ḋaoiniḃsi, bíaiḋ se air ṗrionnsaḋiḃ Israel éile: biáiḋ úaṁan do ḃríġ an ċloiḋiṁ air mo ṗobalsa: uimesin buáil air do ṡlíasuid.
Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé.
Agus iompoċa mé ḃur ḃféustaḋa a ndóbron, agus ḃur naḃráin uile a ccuṁaiḋ; agus do ḃéara mé saicéadaċ súas air a nuile leasraċ, agus maóile air gaċ nile ċeann; agus do ḋéana mé é uṁuil mar buḋ cuṁaiḋ arson aóinṁic, agus a ċríoċsin aṁuil deireaḋ laói ṡeirḃ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac uile uaċdaráin na ndáoine, agus croċ súas íad a laṫair an TIĠEARNA as coinne na gréine, ċor go ḃfillfiġear fearg ḟíoċṁar an TIĠEARNA ó Israel.