Ieremiah 4:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Ma ḟilleann tú, a Israel, a deir an TIĠEARNA, fill ċugamsa: agus má ċuireann tú do ġráineaṁlaċd uait as mo raḋarcsa, annsin ní ċoirreoċa tú. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
¶ Tuilleaṁ fós luċd na leannáin síṫe, agus an luċd fáistine, agus na híoṁaiġe, agus na híoḋuil, agus gaċ uile aḋḟúaṫṁaireaċd do fríṫ a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do ċuir Iosiah ar ccúl íad, ċor go ccoiṁlíonfaḋ sé bríaṫra an dliġe noċ do ḃí scríoḃṫa annsa leaḃar do fúair Hilciah an sagart a ttiġ an TIĠEARNA.
¶ Déana a nois ar a náḋḃarsin, láḃair ré fearuiḃ Iúdah, agus ré háitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is mar so a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ċum mé olc ann ḃur naġaiḋsi, agus do ṫionnscuin mé smuáintiġṫe ann ḃur naġaiḋ: filliḋ anois gaċ uile ḋuine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus déanuiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa maiṫ.
Do ċuir mé fos ċugaiḃ múile ṡeirḃísiġ na faiḋe, ag éirġe go moċ agus dá ccur uáim, ġa ráḋ, Fillíḋ a nois gaċ aónduine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus leasuiġiḋ ḃur ngníoṁa, agus ná himṫíġiḋ a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann noċ ṫug misi ḋíḃ féin agus da ḃur naiṫriḃ: aċt níor ċláonaḃair ḃur cclúas, agus níor éisteaḃair riom.
¶ Agus do laḃair Samuel re tiġ Israel uile, ḋa ráḋ, Má ḟilltí ċum an TIĠEARNA maille ré ḃur gcroiḋṫiḃ go hiomlán, ann sinn cuiriḋ úaiḃ na dee coiṁiṫeaċa agus Astárot as ḃur measc, agus ullṁuiġiḋ ḃur gcroiḋṫe ċum an TIĠEARNA, agus déanuiḋ seirḃís dósan áṁáin: agus sáorfuiḋ sé siḃ as láiṁ na Ḃṗilistineaċ.