Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 39:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Annsin do ṁarḃ ríġ na Babilóine mic Ṡedeciah ann Riblah as ccoinne a ṡúl, do ṁarḃ ríġ na Babilóine fós uáisle Iúdah uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 39:6
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṁarḃ ríġ na Babilóine mic Ṡedeciah a ḃfíaġnuisi a ṡúl: do ṁarḃ sé fós uile ṗrionnsaḋa Iúdah ann Riblah.


Agus na ḋiáiġ sin, a deir an TIĠEARNA, seaċóduiġ mé Sedeciah ríġ Iúdah, agus a ṡeirḃísiġ, agus na daoine, agus an ṁéid do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġsi ón bpláiġ, ón cclóiḋeaṁ, agus ón ġorta, a láiṁ Nebuċad‐ressar ríġ na Babilóine, agus a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfiḋ sé íad le fáoḃar an ċloiḋiṁ; ní ċoigeoluiḋ sé íad, ní mó ḃías truáiġe, nó trócaire aige ḋóiḃ.


Agus do ṁarḃadar mic Ṡedeciah as coinne a ṡúl, agus do ḃeanadar a ṡúile as Sedeciah, agus do ċeangladar é le boltaiġiḃ práis, agus rugadar leó don Ḃabilóin é.


Ionnus go mbía tú ar mire tre raḋarc do ṡúl noċ do ċífeas tú.


Brisfiġear fós a cclann na mbloḋuiḃ as coinne a súl; creaċfuiġear a ttiġṫe, agus éigneoċṫar a mná.


Oír ciondus ḟéaduimsi fulang an tolc noċ ṫiucfas ar mo ḋaóiniḃ dfaicsin? nó ciondus ḟéaduim scrios mo ċiniḋ dfaicsin?


Féuċ, cruinneoċuiḋ mé ṫú ċum haíṫreaċaiḃ, agus aḋlocṫar ad úaiġe ṫú maille re síoṫċain, agus ní ḟaicfid do ṡúile a nuile olc do ḃéaras mé ar a náitse, agus ar a háitreaḃaċaiḃ. Marsin ṫugadar freagra a rís ċum an ríġ.


Féuċ, ar a naḋḃarsin, cruinneoċadsa ṫú a ḃfoċair haiṫreaḋ, agus cruinneoċar ċum húaiġe ṫú go síoṫċanta; agus ní ḟaicfid do ṡúile an lán uilc do ḃéaras mé ar a náitsi. Agus ṫugadar scéula a rís ċum an ríġ.


Oír cionnus raċus misi súas go nuige máṫair, agus gan an leanaṁ liom? deagla go tteigeoṁaḋ go ḃfaicfinn an doċar do ṫiocfaḋ ar máṫair.


Agus do imṫiġ, agus do ṡuiġ sios as a ċoinne, tamal maiṫ uaḋ, fa ṫuairim urċuir ṡoiġde: óir a duḃairt sí, Ná faicim bás an leiniṁ. Agus do ṡuiġ sí as a ċoinne anunn, agus ar ttógḃail a goṫa go hárd, do ġuil sí.


Goirfid síad a uáisle ċum na rioġaċda, aċt ní ḃiáiḋ áonduine ann sin, agus buḋ neiṁní a príonnsaḋa uile.


Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḋéana mé úaṫḃás díot ḋuit féin, agus dot ċáirdiḃ uile: agus tuitfid siad lé ccloiḋeaṁ a námbad, agus do ċífid do ṡúilesi sin: agus do ḃéara mé Iúdah uile a laiṁ ríġ na Babilóine, agus do ḃeara se a mbraġdionas íad ċum na Babiloine, agus muirfiḋ sé íad leis an ccloiḋeaṁ.


Agus ní imeoċa tusa as a láiṁ, aċt géaḃṫar ṫú go deiṁin, agus toirḃeorṫar ann a láiṁ ṫú; agus do ċífid do ṡúile súile ríġ na Babilóine, agus laiḃeora sé riot béul ar ḃéul, agus raċuiḋ tú don Ḃabilóin.


Marsin do ḃéaruid síad amaċ do ṁná uile agus do ċlann ċum na Ccaldéanaċ: agus ní raċa tusa as ó na láiṁ, aċt géaḃṫar ṫú lé láiṁ ríġ na Babilóine: agus do ḃéara tú fa deara an ċaṫairsi do losgaḋ lé teine.


Agus tiucfuid síad uile ad aġaiḋ lé carbaduiḃ, le cóistiġiḃ, agus le roṫaiḃ, agus le cruinniuġaḋ daoine, noċ ċuirtios buicléir agus scíaṫ agus clogad ad aḋaiġ timċioll fa ccuairt: agus cuirfiḋ misi breiṫeaṁnus rompa, agus do ḃéaraid síad breiṫeaṁnus ortsa do réir a mbreiṫeaṁnuis féin.


Glac toġa an tréada, agus loisg fós na cnáṁa faói, agus taḃair air fiuċaḋ go maiṫ, agus fiuċaḋ sé a ċnáṁa sin ann.


Agus tiucfa a ccríċ a ló íoḋbarṫa an TIĠEARNA, go ccoireoċa misi air na prionsaḋuiḃ, agus air ċlannaiḃ na ríoġ, agus air na buile ḋáoiniḃ atá air na néaduġaḋ lé culaḋuiḃ coiṁiġṫeaċa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ