Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 39:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 ¶ Agus tárla, an tan do ċonnairc Sedeciah ríġ Iúdah íad, agus na fir ċogaiḋ uile, gur ṫeiṫeadar, agus go ndeaċadar amaċ as an ccaṫruiġ san noiḋċe a sliġe ġáirdin an ríġ, annsa ġeata idir an dá ḃalla: agus do ċuáiḋ seision amaċ a sliġe an réitiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 39:4
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do neartuiġ sé é féin, agus do ċuir sé súas an balla uile do ḃí briste, agus do ṫóg súas é go nuige na tuir, agus balla oíle táoḃ amuiġ, agus do leasuiġ sé Millo a ccaṫruiġ Ḋáiḃi, agus do rinne sé gaéṫe agus scíaṫa go lór.


Do rinneaḃair fós díog eidir an dá ḃalla ar son nisge an tseanluíg; aċt níor ḟéuċaḃair da ḋéantóir sin, agus ni raiḃ meas agaiḃ ar an té do ċum é fada ó sin.


Do ṫeiṫeadar húaċdaráin uile le ċéile, do ceanglaḋ leis na soiġideóiriḃ íad: do ceanglaḋ lé ċéile an ṁéid do fríṫ ionnatsa, noċ do ṫeiṫ a nimċían.


Ṫairis sin goirtéoċuiḋ mé Ariel, agus biáiḋ dóḃrón agus doilġios annsin: agus biáiḋ sé ḋaṁsa mar Ariel.


Agus ní raċuiḋ Sedeciah ríġ Iúdah as láiṁ na Ccaldeánaċ, aċt go deiṁin ḃéarṫar a láiṁ ríġ na Babilóine é, agus laiḃeoruiḋ sé ris béul air ḃéul, agus do ċífid a ṡúile a ṡúilesion;


Agus treóroċuiḋ sé Sedeciah don Ḃabilóin, agus biáiḋ annsin go ttí misi ar ccuáirt ċuige, a deir an TIĠEARNA: má tá go ttroidfiġe ris na Caldeánaċaiḃ, ní ḃéarṫaói buáiḋ.


Agus an prionnsa atá iona measc iomċoruiġ sé air a ġúaluinn annsa dorċadus, agus raċfuiḋ sé amaċ: toiċeoluid síad ṫríd an mballa do ḃreiṫ ṫríd amaċ: foileoċa sé a aġaiḋ, ċor naċ ḃfaicfe sé an talaṁ lé na ṡúiliḃ.


Annsin do ḃéara tú amaċ do ṡoiṫiġ ó ló iona raḋarc, aṁuil soiṫiġe ċum áṫruiġṫe: agus raċa tú amaċ um nóin iona raḋarc, aṁuil an drong noċ ṫéid amaċ a mbraiġdionas.


Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.


Agus cuirfe mé loige a gcroiḋṫiḃ an ṁeid ḟúicfíġear beó aguiḃ a ccríoċuiḃ a náṁad; agus cuirfe torann an duílleaḃair a tteiṫeaṁ íad; agus teiṫfid, mar do ṫeiṫfidís roiṁe cloiḋeaṁ; agus tuitfid a nuáir naċ bía éanduine ḋá leánṁuin.


Uimesin meiṫfiḋ an teiṫeaḋ ón lúaṫ, agus ní neartoċuiḋ an neartmbar a láidreaċd, ní mó ṡáorfas an cuṁaċdaċ é féin:


Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do ḃualaḋ a laṫair do náṁad: raċaiḋ tú amaċ a néintsliġe aṁáin na naġuiḋ, agus teiṫfe tú a seaċd sliġṫiḃ rompa: agus áṫroċṫar ṫú da gaċ éainrioġaċd ar an ndoṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ