Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 38:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Uimesin a dúḃradar na prionnsaḋa ris an ríġ, Iarramaoid daṫċuinge ort, cuirṫear an té so ċum báis: óir is marso laguiġios sé láṁa fuiġeal luċt cogaiḋ na caiṫreaċso, agus láṁa an ṗobuil uile, ag laḃairt a leiṫeide so do ḃríaṫruiḃ riú: óir ní hé leas na ndaóinese íarrus an fearso, aċt a naiṁleas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 38:4
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.


Agus dfealladar iona aġaiḋ, agus do ċloċadar lé cloċaiḃ é ar aiṫne an ríġ a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA.


Bíoḋ a ḟios ag an ríġ, na Iúduiġe ṫáinic uáitsi a níos ċuguinne go ttangadar go Hierusalem, ag cur súas na droċċaiṫreaċ eassurrumaiġ, agus gur ċuireadar a ballaḋa súas, agus gur ċeangladar ḋá ċéile a bunáite.


Agus do ċuireadar uile eagla oruinn, ġa ráḋ, Laigeoċtar a láṁa ó nobair, ċor naċ déantar í. Anois ar naḋḃarsin ó a Ḋía neartuiġ mo láṁa.


Agus do ráiḋ ríġ na Hégipte ríu, Cread fa mbacṫaoisi, a Ṁaóisi agus a Aáron, do na daoiniḃ a nobair do ḋéanaṁ? éirgiḋsi ċum ḃur núaluiġ.


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA re muinntir Anatot, noċ íarrus do ḃás, ġa ráḋ, Ná tairrġir a nainm an TIĠEARNA, go naċ néagair re ar láiṁne.


Giḋeaḋ, a ṪIĠEARNA, atá fios a ccoṁairle uile agad am aġaiḋsi dom ṁarḃaḋ: ná maiṫ a néigceart, agus ná scrios a bpeacaḋ amaċ as do raḋarc, aċt maḋmuiġṫear íad ad ḟíaḋnuisi; déan marso ríu a naimsir ṫfeirge.


Ann sin do laḃradar na sagairt agus na fáiġe ris na prionnsaḋuiḃ, agus ris an bpobal uile, ḋa ráḋ, Atá breaṫaṁnus báis air an ḃfearso; óir do ṫairrġir sé a naġaiḋ na caiṫreaċso, mar do ċúalaḃair lé ḃur cclúasaiḃ.


Agus íarruiḋ síoṫċáin na caiṫreaċ ċum a ttug misi fa deara ḃur mbreiṫ a láiṁ, agus guiḋiġ ċum an TIĠEARNA ar a son: óir iona síoṫċáinsion do ġeaḃṫáoisi síoṫċáin.


Mar sin do ṁionnuiġ Sedeciah an ríġ go seicréideaċ do Ieremiah, ġa ráḋ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, do rinne an tanamso ḋúinn, ní ċuirfiḋ mé ċum báis ṫú, agus ní ḃéara mé ṫú a láiṁ na ndaóinési íarrus do ḃás.


Aċt má ċluinid na prionnsaḋa gur laḃair misi riot, agus go ttiucfuid ċugad, agus go naiboeruid riot, Innis dúinn anois cred a dúḃairt tú ris an ríġ, ná ceil oruinn é, agus ní ċuirfeam ċum báis ṫú; mar an ccéadna cred a dúḃairt an ríġ riot:


Aċt asé Baruċ ṁac Neriah do ḃrostuiġ ṫú ar naġuiḋne, dar ttaḃairt a láiṁ na Ccaldéanaċ, ionnus go ccuirdís ċum báis sinn, agus go mbeirdís sinn a láiṁ don Ḃabilóin.


Is cosṁuil a prionnsaḋa iona lár ré madraḋuiḃ allta cíocraċ ċum creiċe, do ḋórtaḋ fola, agus do ṁarḃaḋ anmann, dfaġail tarḃa neiṁionnraca.


Ann sin do ċuir Amasiah sagart Ḃét‐el fios go Ieroboam ríġ Israel, ag ráḋ, Dfeall Amos ad aḋuiġ a lár ṫiġe Israel: ní héidir leis an ttír a ḃríaṫra uile diomċar.


Agus do ṫionnsgnadar cúis do ċuir air, ag raḋ, Fúramar an fearsa ag iompóḋ ar gciniḋ, agus ag toirmeasg cíosa do ṫaḃairt do Ṡéasar, ag ráḋ gur ab é féin Críosd an Rí.


Agus ar na dtairgsin do na húaċdaránuiḃ, a duḃradar, Búaiḋrid na dáoinesi ar gcaṫuirne, óir is dón ċineaḋ Iúdaiḋe íad,


Agus an tan naċ ḃfúaradar íadsan, do ṫairngeadar Iáson agus cuid áiriġe dona braiṫriḃ ċum úaċdarán na caiṫreaċ, ag éiġṁe, Iad so do ċuir an sáoġal bun os cionn ṫangadar an so mar an cceadna;


Oír do fuaramar an fearsa mar ṗláiġ, agus ag cur ċeannairc eidir na Iúduiġiḃ uile ar feaḋ an doṁuin, agus na ċeannfeaḋna dórd na Nasaréunaċ:


Aċd buḋ mían rinn a ċlos uáit na neiṫe ḃreaṫnuiġeas tú: oír do ṫáoḃ a nuirsde, is aiṫniġ ḋúinn do dticṫear na aġaiḋ sa nuile áit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ