¶ Agus ní ṫáinic ríġ na Hégipte a rís nios mó as a ṫír féin: óir do ġaḃ ríġ na Babilóine ó ṡrúṫ na Hégipte go nuige a naḃuinn Euṗrates an ṁéid do ġaḃ le ríġ na Hégipte.
Agus do ḃéara mé Sedeciah ríġ Iúdah agus a ṗrionnsaḋa a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na druinge iarrus a mbás, agus a láiṁ ṡlóiġ ríġ na Babilóine, noċ do ċuáiḋ súas uáiḃ.
Is marsó a deir an TIĠEARNA, Día Israel; Is marso a dearṫaoi ré ríġ Iúdah, do ċuir ċugamsa siḃ do ċeasnuġaḋ riom; Féuċ, fillfiḋ slúaġ Ṗárao, noċ ṫáinic amaċ do ḃur ccoḃraġaḋ, don Négipt dá ttír féin.
Aċt do ċaṫuiġ sé iona aġaiḋsion ag cur a ṫeaċdaḋ don Négipt, ċor go ttugaidís eiċ agus mórán daóine ḋó. An raċuiḋ go maiṫ ḋo? an raċuiḋ an té do ní na neiṫesi as? nó an mbrisfiḋ sé an cunnraḋ, agus ḃeiṫ sáor?
Ní mó ḋéanas Ṗárao ar a ṡon le na ṡlúaġ neartṁar agus le na ċuideaċduin ṁóir annsa ċogaḋ, le teilgion mótaḋ súas, agus lé déanaṁ daingniḋ, do ṁarḃaḋ móráin pearsann: