Ann sin a duḃairt Dáiḃi, Taisbeanfuiḋ mé muinntearḋus do Hanun ṁac Nahas, mar do ṫaisbéin a aṫair cinéul daṁsa. Agus do ċuir Dáiḃi daóine ḋá ṡerḃíseaċaiḃ dá ṁeisniuġaḋ ar son a aṫar. Agus tangadar séirḃísiġ Ḋáiḃi a steaċ go dúiṫċe ċloinne Ammon.
Agus mar an gcéadna lé láiṁ an ḟáiḋ Iehu ṁic Hanani ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA a naġaiḋ Ḃaasa, agus a naġaiḋ a ṫiġe, eaḋon ar son gaċ uilc dá ndéarna sé a raḋarc an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċum feirge lé hoibriġṫiḃ a láṁ, do ċionn go raiḃ cosṁuil ré tiġ Ieroboam; agus do ċionn mar do ṁarḃ sé é.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel; Imṫiġ agus laḃair ré Sedeciah ríġ Iúdah, agus innis dó, Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ḃéara mé an ċaṫairsi a láiṁ ríġ na Babilóine, agus loiscfiḋ seilé teine: