A measc na ccloċ mbláiṫ an tsroṫa atá do ċuid ronna; is íad, íad sin do ċuid ronna: eaḋon is dóiḃsin do ḋóirt tú ofráil diġe, do íoḋbair tú ofráil ḃíḋ. An ḃfuiġinnse sólás ar biṫ ionta so?
Agus an ċéaduáir cúiteoċa mé a néigceart agus a bpeacaḋ dúbalta; do ḃríġ gur ṫruáilleadar mo ḋúṫaiġ, do líonadar moiġreaċt le conablaċuiḃ a neiṫeann aḋḟúaṫṁar ngráineaṁuil.
Ag ráḋ ré smotán, Is tú maṫair; agus ré cloiċ, Is tú do ġein mé: óir diompoiġeadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naġaiḋ: aċd a nám a mbuáiḋearṫa déuruid, Eiriġ, tárṫuiġ sinn.
Agus ṫug mé siḃ go tír ṫóirṫeaṁuil, diṫe a toruiḋ agus a maiṫeasa; aċt a nuáir ṫangaḃair a steaċ, do ṫruáilleaḃair mo ḋúṫaiġ, agus do rinneaḃair aḋḟúaṫṁaireaċd dom oiġreaċd.
Tóig súas do ṡúile ċum na náiteaċ nárd, agus féuċ a náit ann naċ ar luiġeaḋ leaċd: annsna sliġṫiḃ do ṡuiġ tú ríu, do nós a Narábianuiġ annsá ḃfásaċ; agus do ṫruáill tú an talaṁ led stríopaċus agus led ċiontuiḃ.
Do léigiodar so a tárnoċtuiġe leis: do ġaḃadar a mic agus a hinġeana, agus do ṁarḃadar í leis an ccloiḋeaṁ: agus dfás sí na hainm do ṁnáiḃ; óir rugadar breiṫeaṁnus uirre.
Tagraiḋ ré ḃur maṫair, tagraiḋ: óir ní hí mo ḃeansa í, ní mó is misi a fearsa: ar a naḋḃarsin cuireaḋ sí uáiṫe a stríopaċus as a raḋarc amaċ, agus a haḋaltrannas ó idir a cíoċuiḃ;
¶ Iarruid mo ḋaóine coṁairle air a smotánuiḃ, agus foillsiġiḋ a mbata ḋóiḃ: óir ṫug spiorad an stríopaċuis orra dul air seaċrán, agus do ċúadar do stríopaċus ó ḃeiṫ faói na Ndía.
A ṁairg don tí a deir ris an maide, Múscail; ris an ccloiċ mbalḃ, Eiriġ, teagoscúidb sí? Féuċ, do córuġaḋ í air fad dór agus dairgiod, agus ní ḃfuil anál ar áonċor iona lár.
Aċd a deirimsi riḃ, Gioḋ bé neaċ léigfeas a ḃean, (aċd aṁáin ar son aḋaltrannais,) go dtugann se uirrṫe aḋaltrannas do ḋéunaṁ: agus an té do ḃéaraiḋ an ḃeansin do léigeaḋ do ní sé aḋaltrannas