Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt?
Naċ measann tusa cioḋ a dúḃradar an pobalso, ġa ráḋ, An dá ṁuinntir do ṫoġ an TIĠEARNA, do ṫeilg sé úaḋa íad? marso do ṫarcuisniġeadar mo ṁuinntir, ċor naċ beidís ní sa ṁó na ccineaḋ dá laṫair.
Agus isí Samária an deirḃṡíur as sine agad, í féin agus a hinġeana noċ áitreaḃus ar do láiṁ ċlé: agus do ḋeirḃṡíur is óige, noċ áitreaḃus ar do láiṁ ḋeis, isí Sodom agus a hinġeana.
Giḋeaḋ níor imṫiġ tusa do réir a sliġṫeaċsan, ní mó do rinne tú réir a ngráineaṁlaċda: aċt, mar buḋ ro ḃeag sin, do truáilleaḋ ṫú ní as mó na íadsan ann huile ṡliġṫiḃ.
Do rinne Iúdah go fealltaċ, agus do rinneaḋ gráineaṁlaċt ann Israel agus ann Ierusalem; óir do ḋíoṁaóiniġ Iúdah náoṁṫaċt an TIĠEARNA noċ do ġráḋuiġ sé, agus do ṗós sé inġean dé ċoiṁṫiġiḋ.