Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.
Ag ráḋ ré smotán, Is tú maṫair; agus ré cloiċ, Is tú do ġein mé: óir diompoiġeadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naġaiḋ: aċd a nám a mbuáiḋearṫa déuruid, Eiriġ, tárṫuiġ sinn.
Aċt a duḃairt mé, Ciondus ċuirfios mé ṫusa a measg na cloinne, agus ḃéaras mé dúṫaiġ aóiḃin duit, deaġoiġreaċd ṡlúaġ na gcineaḋaċ? agus a dúḃairt mé, Goirfe tú ḋíomsa, Mo aṫair; agus ní ḟillfe tú ar ais uáimsi.
Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuiḃ ṫréoroċus mé íad: do ḃéara mé orra siuḃal re taóiḃ na sroṫann uisceaḋ a sliġe ḋíriġ, a náit naċ ḃfuiġid siad tuisleaḋ: óir atáim am aṫair ag Israel, agus sé Eṗraim mo ċéidġm.
Agus do ḃéara mé gárraḋa a fíneaṁna ḋí as sin, agus gleann Aċor mar ḋorus dóṫċuis: agus do ḋéana sí céol annsin, mar a láeṫiḃ a hóige, agus aṁuil an lá ṫánic sí súas amaċ as criċ na Hégipte.
¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?
Ṫairis sin a dearṫaói, Cred uime? Do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA dfiaḋnuisi eadrad agus bean hoíge, a naġaiḋ a ndéarna tusa go míoċoinġiollaċ: giḋeaḋ is isi do ċompánaċ, agus bean do ċunnarṫa.