Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 3:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Tóig súas do ṡúile ċum na náiteaċ nárd, agus féuċ a náit ann naċ ar luiġeaḋ leaċd: annsna sliġṫiḃ do ṡuiġ tú ríu, do nós a Narábianuiġ annsá ḃfásaċ; agus do ṫruáill tú an talaṁ led stríopaċus agus led ċiontuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 3:2
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir sisi a culuiḋ báintreaḃuiġ ḋi, agus do ḟoluiġ sí í fein le folaċ, agus do ḟill í féin, agus do ṡuíġ a náit ṡoḟaicsiana, laiṁ ris a tsliġe ag dul go Timnah; óir do ċonnairc gur ḟás Sélah, agus nar tugaḋ í féin na mnáoi ḋó.


Agus do ḃádar seaċd ccéud bean aige, bainṗrionsaḋa, agus trí ċéud leannán: agus diompoiġeadar a ṁná a ċroiḋe.


Agus do ṁill an ríġ na háite árda do ḃí as coinne Ierusalem, noċ do ḃí ar an láiṁ ḋeis do ṡlíaḃ an truailliġṫe, noċ do rinne Solaṁ ríġ Israel do Astoret aḋḟúaṫṁaireaċd na Sidónianaċ, agus do Ċemos aḋḟuáṫṁaireaċd na Móabiteaċ, agus do Mbilċon aḋfúaṫṁaireaċd ċloinne Ammon.


Agus do ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ, fuil a mac agus a ninġean, noċ do íoḋbradar do ḋíaḃluiḃ Ċánáan: agus do ḃí an talaṁ ar na ṫruailliuġaḋ le fuil.


Bí sí fos a luiḋeaċán aṁuil sladṁóir, agus méaduiġ si na millteóiriġ a measc na ndaóine.


(A tá sí árdġoṫaċ agus easúrramaċ; ní ḟanaid a cosa iona tiġ:


Ṫangadar sgriosdóiriḋe ar gaċ uile áit áird ar feaḋ a nfásuiġ: óir sliugfiḋ cloiḋeaṁ an TIĠEARNA ó aóinċionn don dúṫaiġ go nuige an ccionn oile don dúṫaiġ: ní ḃfuiġe feóil ar biṫ síoṫċáin.


Oír do ḃris mé do ċuing ón tsean aimsir, agus do ḋóiṫ mé do ċuiḃreaċ; agus a dúḃairt tú, Ní ṡáireoċa mé; an tionad ar ṡeaċráin tú ar a nuile ċnoc árd agus faói gaċ aonċrann glas ag déanaṁ meirdreaċuis.


Ciondus ḟéadas tú a ráḋ, Ní ḃfuilimsi salaċ, ní ḋeaċuiḋ mé a ndiáiġ Ḃaalim? feuċ do ṡliġe annsa ġleann, tuig cred do rinne tú: is dromedari lúaṫ ag imṫeaċtann a sliġṫiḃ ṫú.


Agus ṫug mé siḃ go tír ṫóirṫeaṁuil, diṫe a toruiḋ agus a maiṫeasa; aċt a nuáir ṫangaḃair a steaċ, do ṫruáilleaḃair mo ḋúṫaiġ, agus do rinneaḃair aḋḟúaṫṁaireaċd dom oiġreaċd.


Deirid síad, Má ligion fear a ḃean, agus go nimeoċuiḋ sí úaḋ, agus go mbía sí ag fear oile, a niompoċuiḋ sé uirre a rís? naċ ttrúailliġear an talaṁsin go mór? aċt do rinne tusa meirdreaċus lé mórán do luċt gráḋa; aċt ċeana, fill ċugamsa a rís, a deir an TIĠEARNA.


Aṁáin aduiṁ do ċionta, gur ṡáruiġ tú a naġaiḋ an TIĠEARNA do Ḋía, agus gur spréiġ tú do ṡliġṫe do na coiṁiġṫeaċuiḃ faói gaċ áon ċrann glas, agus nar úṁluiġ tú dom ġuṫsa, a deir an TIĠEARNA.


Do ċlos guṫ ar na haitiḃ árda, caoi agus gearán ċloinne Israel: óir do ṁilleadar a sliġe, agus do ḋearmadar an TIĠEARNA a Ndía.


Agus tárla tré éattruime a stríopaċuis, gur ṫruáill sí an talaṁ, agus go ndéarnuiḋ sí aḋaltrannus re cloċuiḃ agus ré smotanuiḃ.


¶ Geárr ḋiot do ġruág, a Ierusalem, agus teilg uait í, agus toig súas caóineaḋ ar áitiḃ árda; óir do ṫarcuisniġ an TIĠEARNA agus do ṫréig sé ginealaċ a ḟeirge.


Agus do ġlac tú dot ċúlaḋuiḃ, agus do ċóiriġ tú háite árda lé daṫaiḃ éagsaṁla, agus do rinne tú meirdreaċus air: ní ṫiucfa a leiṫeidsin do neiṫiḃ, ní mó ḃías marsin.


An tan ṫug mé íad don tír, ar son ar ṫóig mé súas mo láṁ dá ṫaḃairt dóiḃ, annsin do ċonncadar gaċ uile ċnoc árd, agus na huile ċranna tíuġa, agus díoḋbradar annsin a níoḋbarṫa, agus annsin do ṫaḃradar gréasaċd a nofrala: annsin mar an gceadna ṫugadar a mbolaḋ cúṁra, agus do ḋóirteadar amaċ annsin a nofrála diġe.


Oir do rinne a maṫair meirdreaċus: an ḃean do ġein íadsan do rinne sí ní gráineaṁuil: óir a duḃairt sí, Leanfa mé a ndiáiġ máosgráḋ, do ḃeir ḋaṁ marán agus muisge, molann agus mo lion, mola agus mo ḋeoċ.


Agus ar mbeiṫ ḋó a nifearn a bpíanuiḃ do ṫóg sé a ṡúile súas, agus do ċunnairc sé Abraham a ḃfád Uaḋ, agus Lasarus ann a uċd.


Léirscriosfuiḋ siḃ a nuile áit, a ndearnadar na cineaḋaċa noċ ṡealḃoċṫaoi serḃís da ndéeiḃ, ar na sléiḃtiḃ árda, agus ar na enocuiḃ, agus faói gaċ éanċrann ġlas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ