Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 3:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Deirid síad, Má ligion fear a ḃean, agus go nimeoċuiḋ sí úaḋ, agus go mbía sí ag fear oile, a niompoċuiḋ sé uirre a rís? naċ ttrúailliġear an talaṁsin go mór? aċt do rinne tusa meirdreaċus lé mórán do luċt gráḋa; aċt ċeana, fill ċugamsa a rís, a deir an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 3:1
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ, fuil a mac agus a ninġean, noċ do íoḋbradar do ḋíaḃluiḃ Ċánáan: agus do ḃí an talaṁ ar na ṫruailliuġaḋ le fuil.


Do truáilleaḋ an talaṁ mar an ccéadna faói na ḋúṫċusaiḃ; do ċionn gur ṡáruiġeadar an dliġeaḋ, gur áṫruiġeadar an torduġ, ḃriseadar an cunnraḋ siorruiḋ.


Oír do ḃris mé do ċuing ón tsean aimsir, agus do ḋóiṫ mé do ċuiḃreaċ; agus a dúḃairt tú, Ní ṡáireoċa mé; an tionad ar ṡeaċráin tú ar a nuile ċnoc árd agus faói gaċ aonċrann glas ag déanaṁ meirdreaċuis.


Ciondus ḟéadas tú a ráḋ, Ní ḃfuilimsi salaċ, ní ḋeaċuiḋ mé a ndiáiġ Ḃaalim? feuċ do ṡliġe annsa ġleann, tuig cred do rinne tú: is dromedari lúaṫ ag imṫeaċtann a sliġṫiḃ ṫú.


Agus ṫug mé siḃ go tír ṫóirṫeaṁuil, diṫe a toruiḋ agus a maiṫeasa; aċt a nuáir ṫangaḃair a steaċ, do ṫruáilleaḃair mo ḋúṫaiġ, agus do rinneaḃair aḋḟúaṫṁaireaċd dom oiġreaċd.


¶ Imṫiġ súas go Lebanon, agus éiġ; agus tóig súas do ġúṫ ann Básan, agus coṁairc ó na sliġṫiḃ: óir do scriosaḋ háos gráḋa uile.


Filliḋ, a ċlann ṁíoċoinġiollaċ, agus leiġeosuiḋ misi ḃur míoċoinġioll. Feuċ, ṫangamar ċugadsa; óir is tú an TIĠEARNA ar Ndía.


Agus tárla tré éattruime a stríopaċuis, gur ṫruáill sí an talaṁ, agus go ndéarnuiḋ sí aḋaltrannus re cloċuiḃ agus ré smotanuiḃ.


¶ Ga fad ḃías tú ag dul fá ccuairt, a inġean neiṁḋiongṁalta? óir do ċrúṫaiġ an TIĠEARNA ní núaḋ air an ttalaṁ, Timċiollfuiḋ bean fear.


Ma ḟilleann tú, a Israel, a deir an TIĠEARNA, fill ċugamsa: agus má ċuireann tú do ġráineaṁlaċd uait as mo raḋarcsa, annsin ní ċoirreoċa tú.


A Ierusalem, ionnuil do ċroiḋe ó urċoid, ċor go sáorfuiġear ṫú. Cá fad áiteoċuid do smuaintiġṫe díoṁaóine a stiġ ionnad?


Guiliḋ sí go géar annsa noiḋċe, agus atá a deóra air a grúaḋuiḃ: a measc a háos gráḋa uile ní ḃfuil aon aice ċoṁḟurtuiġios í: do rinneadar a cáirde uile feall uirre, atáid síad na náṁaid aice.


Do rinne tú fós drúis ris na Hégiptiḃ do ċoṁarsana, atá mór a ḃfeóil; agus do ṁéaduiġ tú do stríopaċus, dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge.


Cred laige do ċroiḋe, a deir an Tiġearna DIA, ó ní tú na neíṫeso uile, obair ṁná stríopuiġ ṫiġearnaṁuil.


¶ Uimesin, a ṁeirdreaċ, éist bríaṫar an TIĠEARNA:


Abair ríu, Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, ní ḃfuil sólas ar biṫ agamsa a mbás an ċiontuiġ; aċt go ḃfilleaḋ an ciontaċ ó na ṡliġe agus go mairiḋ sé: filliḋse, filliḋse ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ; óir cred as a néugfaḋ siḃ, a ṫiġ Israel?


¶ Tosaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA tre Hosea. Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Hosea, Imṫiġ, gaḃ ċugad bean stríopaċuis agus clann stríopaċuis: óir do rinne an tír stríopaċuis mór, ag deaġail ris an TTIĠEARNA.


Tagraiḋ ré ḃur maṫair, tagraiḋ: óir ní hí mo ḃeansa í, ní mó is misi a fearsa: ar a naḋḃarsin cuireaḋ sí uáiṫe a stríopaċus as a raḋarc amaċ, agus a haḋaltrannas ó idir a cíoċuiḃ;


Eirġiḋ siḃsi, agus imṫiġiḋ; óir ní hé so ḃur ccoṁnuiġe: do ḃríġ go ḃfuil sé ar na ṡalċaḋ, millfe sé siḃsi, ré millteaċus mór.


Uimesin abairsi riú, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Filliḋsi ċugamsa a deir TIĠEARNA na slóġ, agus fillfe misi ċugaiḃsi, a déir TIĠEARNA na slóġ.


Agus a duḃraḋ, Gioḋ bé leígṫeas a ḃean, taḃraḋ sé leitir ḋealaiġṫe ḋi:


Ann sin do ḃéuruid síad an cailín amaċ go dorus tiġe a haṫar, agus cloċfuid muintir a caiṫreaċ lé cloċuiḃ í nó go néuga sí: do ċionn go ndéarna sí leiṁe an Israel, stríapaċus do ḋéanaṁ a ttiġ a haṫar: mar sin ċuirfiḋe an tolc ar ccúl uaiḃ.


Agus do rinne a leannán stríapaċus na aġuiḋ, agus dimṫiġ sí uaḋ gó tiġ a haṫar go Betlehem‐Iúdah, agus do ḃí sí annsin ceiṫre ṁí iomlán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ