Ieremiah 27:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)9 Uimesin ná héistiġsi re ḃur ḃfaiġiḃ, nó re ḃur ḃfáistineaċaiḃ, nó ré ḃur naislingṫeaċaiḃ, nó ré ḃur ndraóiṫiḃ, nó ré ḃur ngeasadóiriḃ, laḃrus riḃ, ġá ráḋ, Ní ḟoiġeontuiḋe do ríġ na Babilóine: အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Féuċ, atáim a naġáiḋ na druinge ṫairrġirios brionglóide bréagaċa, a deir an TIĠEARNA, agus innisios íad, agus do ḃeir ar mo ṗobal seaċránuġaḋ le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do ċuir uáim íad, nó daiṫin díoḃ: ar a naḋḃarsin ní ṫairḃeoċuid síad don ṗobalso ar éanċor, a deir an TIĠEARNA.
Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.