Agus na ḋiáiġ sin do ċuáiḋ Maóisi agus Aáron a steaċ, agus do inniseadur do Ṗárao, Marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndearnaid féusda ḋaṁsa san ḃfásaċ.
Aċt isé an TIĠEARNA an Día fíre, isé an Día biṫḃéo, agus an ríġ siorruiḋe é: crioṫnoċuiḋ sé an talaṁ re na ḟeirg, agus ní ḟéadfuid na geinte a a ṁíċéadfa dfúlang.
Ar a naḋḃarsin a déura tú ríu, Is mar so a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Iḃiḋ, agus bíṫí ar meisce, agus sceiṫiḋ, agus tuitiḋ, agus na héirġiḋe ní as ṁó, do ḃríġ an ċloiḋiṁ ċuirfeas mé ḃur measc.
Agus cuir íad go ríġ Edom, agus go ríġ Ṁoab, agus go ríġ na Namoriteaċ, agus go ríġ Tíor, agus go ríġ Sídon, lé láiṁ na tteaċta ṫiucfas go Hierusalem go Sedeciah ríġ Iúdah;
Do rinne mé an talaṁ, an duine agus an beaṫaċ atá air an ttalaṁ, lem ṁórċuṁaċt agus lém láiṁ sínte amaċ, agus ṫug mé é don tí do ċonncas iomċuḃaiḋ ḋaṁ.
Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċur mé cuing íarruinn ar ṁuinéal na gcineaḋaċso uile, ċor go noirfid do Nebuċadnessar ríġ na Babilóine; agus foiġeonuid dó: agus fós ṫug mé beaṫuiġ na maġa ḋó.