3 Agus cuir íad go ríġ Edom, agus go ríġ Ṁoab, agus go ríġ na Namoriteaċ, agus go ríġ Tíor, agus go ríġ Sídon, lé láiṁ na tteaċta ṫiucfas go Hierusalem go Sedeciah ríġ Iúdah;
Agus do rinne sé fós ceannairg a naġaiḋ Nebuċadnessar, noċ do ḃean Día mar ṁionnuiḃ ḋe: aċt do ríġniḋ sesion a ṁuinéul, agus do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe ó iompóġ ċum an TIĠEARNA Día Israel.
Bioḋ náire ortsa, a Ṡídon: óir do laḃair a nfairge, eaḋon neart na fairge, ġa ráḋ, Ní ḃfuilim ré nioḋnuiḃ, agus ní ḃeirim clann, agus ní oilim súas daóine óga, agus ní ṫeagaisgim maiġdiona.
¶ Do laḃair mé fós ré Sedeciah ríġ Iúdah do réir na mbríaṫarso uile, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur muineil fa ċuing ríġ na Babilóine, agus oiriḋ ḋó agus da ṁuinntir, agus máiriḋ.
Agus tárla an ḃliaḋuin ċéadna, a ttosaċ rioġaċta Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa ċeaṫraṁaḋ bliaḋain, agus annsa ċúigeaḋ mí, gur laḃair Hananiah mac Asur an fáiġ, noċ do ḃí do Ġibeon, riomsa a ttiġ an TIĠEARNA, a laṫair na sagairt agus an ṗobail uile, ġa ráḋ,
A ṁic an duine, ṫug Nebuċadressar ríġ na Babilóine air a ṡlúaġ seirḃís ṁór do ḋéanaṁ a náġaiḋ Tírus: do rinneaḋ a nuile ċeann máol, agus do lomaḋ gaċ uile ġúala: giḋeaḋ ní ḃfuáir sé túarustal ar biṫ, nó a ṡluáġ, ar son Ṫírus, ar son na seirḃíse do rinne sé na haġaiḋ:
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Tírus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ṡeaċadar súas na braiġde uile do Edom, agus nar ċuiṁniġiodar an cunnraḋ dearḃráiṫreaṁuil.