Do ḃí Sedeciah blíaḋuin agus fiṫċe daóis a nuáir do ṫosuiġ sé a ríġe, agus do rioġaiḋ éainḃlíaḋuin déug ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Hamutal inġean Ieremiah ó Libnah.
¶ Do laḃair mé fós ré Sedeciah ríġ Iúdah do réir na mbríaṫarso uile, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur muineil fa ċuing ríġ na Babilóine, agus oiriḋ ḋó agus da ṁuinntir, agus máiriḋ.
Agus cuir íad go ríġ Edom, agus go ríġ Ṁoab, agus go ríġ na Namoriteaċ, agus go ríġ Tíor, agus go ríġ Sídon, lé láiṁ na tteaċta ṫiucfas go Hierusalem go Sedeciah ríġ Iúdah;
Agus tárla an ḃliaḋuin ċéadna, a ttosaċ rioġaċta Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa ċeaṫraṁaḋ bliaḋain, agus annsa ċúigeaḋ mí, gur laḃair Hananiah mac Asur an fáiġ, noċ do ḃí do Ġibeon, riomsa a ttiġ an TIĠEARNA, a laṫair na sagairt agus an ṗobail uile, ġa ráḋ,